Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus adeirim libh, Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh; loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; buailidh, agus fosclóchar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus deirimse libh, Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar an doras romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus deirim libh: Iarraigidh, agus bhéarfar díbh; cuartuighigidh, agus gheobhaidh sibh; buailigidh, agus fosclóchar díbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus deirim-se libh-se: Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheobhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:9
40 Tagairtí Cros  

Agus cibé nidh iarrfas sibh i n‐urnaighe, do‐gheobhaidh sibh é, acht creideamh bheith agaibh.


Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se.


acht adeirim libh, nach raibh Solamh féin ’n‐a ghradam go h‐iomlán, clúduighthe mar cheann aca sin.


D’á bhrigh sin adeirim libh, Cibé nidh ghuidheas agus iarras sibh, creididh go bhfuair sibh é, agus do‐gheobhaidh sibh é.


Agus an nidh adeirim libh‐se, adeirim le cách é, Déanaidh faire.


Óir gach aoinneach iarras, glacann sé; agus an té loirgeas, gheibheann sé; agus do’n té bhuaileas, fosclóchar.


Agus cibé nidh iarrfas sibh im’ ainm‐se, déanfad é, chum go nglóireochar an t‐Athair san Mac.


Ní sibh‐se do thogh mise, acht is mise do thogh sibh‐se, agus do cheapas sibh chum go n‐imtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go mbéadh bhúr dtoradh buan: ionnas, cibé nidh iarrfas sibh ar an Athair im’ ainm‐se, go dtiubhradh sé dhaoibh é.


Má fhanann sibh ionnam‐sa, agus má fhanann mo bhriathra ionnaibh‐se, iarraidh nidh ar bith is mian libh, agus do‐ghéantar daoibh é.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé léi, Dá mb’ eol duit tabhartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á rádh leat, Tabhair dhom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐bhéarfadh sé uisce beo dhuit.


an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:


Óir dubhairt sé, I n‐am oireamhnach d’éisteas leat, Agus i ló an tslánuighthe do chabhruigheas leat. Féach, anois an t‐am oireamhnach; féach, anois lá an tslánuighthe; gan adhbhar tuislidh do thabhairt d’aon duine,


agus gan creideamh ní féidir taithneamh leis: óir an té thig chum Dé, ní foláir dó a chreideamhain go bhfuil sé ann, agus go dtugann sé luach a saothair do na daoinibh loirgeas é.


D’á bhrigh sin déanaimís dánacht ag druidim le righ‐chathaoir an ghrása, chum tróchaire agus grása d’fhágháil chum conganta linn i h‐uair an ghábhaidh.


Má bhíonn aon duine agaibh i n‐uireasbaidh eagna, iarradh sé ar Dhia í; is é do‐bheir go fial do chách, gan aithbhear; agus do‐bhéarfar dó í.


agus slánóchaidh guidhe an chreidimh an t‐easlán, agus tógfaidh an Tighearna aniar é; agus má tá peacaidhe déanta aige, maithfear iad dó.


agus cibé nidh iarraimíd air dogheibhimíd uaidh é, de bhrigh go gcoimheádaimíd a aitheanta, agus go ndéanaimíd na neithe thaithnigheas leis.


Acht deirim‐se libh‐se, leis an gcuid eile de mhuinntir Thuatíra nach bhfuil an teagasc so aca, agus nach eol dóibh neithe doimhne Shátain, mar ghlaodhann siad ortha; Ní chuirim aon ualach eile oraibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí