Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Óir gach aoinneach iarras, glacann sé; agus an té loirgeas, gheibheann sé; agus do’n té bhuaileas, fosclóchar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Óir gach aoinneach a iarras, glacann sé; agus an té a chuartuigheas, gheibh sé; agus fosclóchar do’n té a bhuaileas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Óir gach n-aon a dh’iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé; agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:10
12 Tagairtí Cros  

Tabhair rud do’n té iarrfas ort é, agus ná h‐iontuigh ó’n té gur mian leis rud d’fhágháil ar iasacht uait.


Óir gach aoinneach iarras glacann sé; agus gach aoinneach loirgeas do‐gheibh sé; agus an té chnagas foscaltar dó.


Agus cia h‐é an t‐athair agaibh go n‐iarrfaidh a mhac bollóg aráin air, agus gur cloch bhéarfas sé dhó? nó iasc, agus i n‐ionad éisc gur nathair nimhe bhéarfas sé dhó.


Agus adeirim libh, Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh; loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; buailidh, agus fosclóchar daoibh.


Agus do labhair sé leo as samhlaoid, g‐á chur i dtuigsin dóibh go mba cheart dóibh bheith ag guidhe i gcómhnaidhe, agus gan staonadh;


Iarrann sibh, agus ní fhaghann sibh, de bhrigh go n‐iarrann sibh go h‐olc, chum bhur n‐ainmhianta do shásamh.


Féach, measaimíd gur ab aoibhinn do na daoinibh d’fhulaing go foighdeach. Do chualabhar i dtaobh foidhne lóib, agus do chonnacabhar an chríoch do chuir an Tighearna air; óir atá an Tighearna lán de thruaigh agus de thrócaire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí