Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus adubhairt an Tighearna leis, Nach breagh mar ghlanann sibh‐se, a Fhairisíneacha, an taobh amuigh de’n chupán agus de’n phláta; acht bíonn sibh líonta istigh de shainnt agus de chuirptheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 Agus dúirt an Tiarna leis, “Bíonn sibhse, na Fairiséigh, ag glanadh an taobh amuigh den chupán agus den mhias, ach tá sibh lán den tsaint agus den mhallaitheacht ar an taobh istigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Agus dubhairt an Tighearna leis: Anois glanann sibh-se, a Fhairisíneacha, an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; acht tá bhur dtaobh istigh lán de chreachadóireacht agus d’urchóid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus a dubhairt an Tighearna rís, Go deimhin do ní sibhse a phairisineacha an táobh amuigh don chupan agus don mhéis glan; achd atá an táobh a sdigh dhíbh lán do shracaireachd agus dolc.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus dubhairt an Tighearna leis: Anois, a Fhairisíneacha, glanann síbh-se an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; agus bíonn an taobh istigh díbh féin lán de ghadaidheacht agus de mhalluightheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 Ach dúirt an Tiarna leis: “Is ea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

39 Ach dúirt an Tiarna leis: “Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:39
26 Tagairtí Cros  

Óir is as an gcroidhe amach thig droch‐smaointe, dúnmharbhadh, adhaltrannas, scriapachas, gadaidheacht, fiadhnaise éithigh, dia‐mhasladh:


Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh.


Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é.


Agus nuair do chonnaic an Tighearna í, do ghabh truagh dhí é, agus adubhairt sé léi, Ná bí ag gol.


Agus do ghlaodh Eoin chuige beirt d’á dheisceablaibh, agus do chuir sé chum an Tighearna iad, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile?


Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.


Agus le linn an tsuipéir, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót Shíomóin, é do bhrath,


Acht adubhairt Peadar, A Ananiais, cad chuige ar líon Sátan do chroidhe, go n‐innseochá bréag do’n Spiorad Naomh, agus cuid de luach na talmhan do chongbháil?


agus gur mhó do chuadhas ar aghaidh i gcreideamh na nIúdach ’ná a lán daoine dem’ chómhaois féin i measc muinntire mo chinidh, agus mé i bhfad ní ba dhúthrachtaighe i dtaobh gnáth‐nósann mo shinnsir.


cuma na cráibhtheachta ortha, acht go bhfuil diúlta aca d’á brigh; fan amach ó n‐a leithéidibh sin.


Is glan gach nidh do’n dream atá glan: acht ní glan éinnidh do’n dream neamh‐ghlan, díchreidmheach; acht atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truaillighthe.


Druididh le Dia, agus druidfidh seisean libh. Nighidh bhur lámha, a pheacacha, agus glanaidh bhur gcroidheacha go h‐iomlán, a lucht an dá chómhairle.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí