Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus maith dhúinn ár bpeacaidhe; mar mhaithimíd‐ne dhóibh‐sean ar a bhfuil fiacha againn. Agus na seol i gcathú sinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus maith dúinn ár bpeacaí, mar bímid féin ag maitheamh don dream a bhfuil fiacha againn orthu; agus ná lig sinn i gcathú.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus maith dúinn ár bpeacaidhe, mar a mhaithimíd-ne do gach aon ar a bhfuil fiacha againn, agus ná leig sinn i gcathughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a ccathughadh; achd soar inn ó olc.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do chách a dheineann cionta i n-ár u-aghaidh; agus ná leig sin i gcathaíbh, ach saor sin ó olc.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:4
31 Tagairtí Cros  

Agus is mar sin dhéanfas m’Athair neamhdha dhaoibh‐se, muna maithfidh gach aon duine agaibh d’á bhráthair ó chroidhe.


Déanaidh faire agus bidhidh ag guidhe, chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid toilteanach, acht bíonn an cholann lag.


Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíobh‐se, go mbéidh cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na h‐oidhche, agus go n‐abróchaidh sé leis, A chara, tabhair trí bollóga aráin ar iasacht dom;


Nó an t‐ochtar déag úd gur thuit an túr i Silóam ortha, agus gur mharbh sé iad, an measann sibh gur mhó ba chionntach iad‐san thar a bhfuil de dhaoinibh i nIarúsalem?


éirighidh agus déanaidh urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathuighthibh.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl.


Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoghal, acht iad do chosaint ar an olc.


Ní tháinig aon chathú oraibh nach bhfuil ar chumas an duine a iomchar: acht Dia atá díleas, ní cheadóchaidh sé cathú thar bhur gcumas do chur oraibh; acht do‐bhearfaidh sé slighe éaluighthe i n‐éinfheacht leis an gcathú, chum go bhféadaidh sibh a iomchar.


ag foidhneamh le chéile, agus ag maitheamh d’á chéile, má bhíonn cúis ar bith ag aoinneach ar dhuine eile; fá mar thug Críost maitheamhnas daoibh‐se,


Acht atá an Tighearna creideamhnach; is é dhaingneochas sibh agus choimheádfas slán ó’n ainspiorad sibh.


Saorfaidh an Tighearna ó gach droch‐obair mé, agus béarfaidh sé slán mé chum a ríoghachta neamhdha: dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal! Amen.


Óir breitheamhnas gan trócaire is eadh gheobhas an té nach ndearna trócaire: buadhann an trócaire ar an mbreitheamhnas.


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí