Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Acht dubhairt cuid acu: Teilgeann sé amach na deamhain tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:15
11 Tagairtí Cros  

Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!


Annsin tugadh chuige duine ’n‐a raibh deamhan, agus é dall, bodhar: agus do leigheas sé é, ionnas gur labhair an balbhán, agus go raibh radharc aige.


Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain.


Agus adubhairt mórán aca, Atá deamhan ann, agus is ar buile atá sé; cad chuige dhaoibh bheith ag éisteacht leis?


D’fhreagair an sluagh agus adubhradar, Deamhan atá ionnat: cia atá ag iarraidh thú do mharbhadh?


D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?


Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí