Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Acht dubhairt cuid acu: Teilgeann sé amach na deamhain tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:15
11 Tagairtí Cros  

Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?


Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.


Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaid atá deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl libh ag éisteacht leis?


Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis?


Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nach maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat?


Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí