Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus bhí deamhan aige d’á dhíbirt as duine, agus deamhan balbh ab eadh é. Agus nuair a bhí an deamhan curtha amach aige do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar an sluagh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Anois bhí sé ag caitheamh amach deamhain a bhí balbh; nuair a bhí an deamhan imithe, labhair an balbhán, agus bhí na daoine ag déanamh iontais de.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus bhí sé ag teilgean amach deamhain, agus bhí sé sin balbh. Agus nuair a bhí an deamhan curtha amach aige, labhair an balbhán, agus bhí iongantas ar na sluaighte.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus do bhí sé ag caitheamh deamhain do bhí balbh amach. Agus tharla, nuair do bhí an deamhan imthighthe amach, gur labhair an balbhán; agus do‐rinne an sluagh iongnadh dhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do bhí sé ag teilgean deamhain amach, do bhí balbh. Agus tárla, ar ndul don deamhan amach, gur labhair an balbhán; agus do ghabh iongnadh an slúagh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Bhí deamhan dá chaitheamh amach aige–deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Bhí deamhan á chaitheamh amach aige - deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:14
5 Tagairtí Cros  

Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí