Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ar an adhbhar san, má’s eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách mó ’ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do’n mhuintir a dh’iarrfaidh air é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Más eol daoibhse, olc is mar atá sibh, conas dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach mó go mór a thabharfaidh an tAthair neamhaí an Naomh-Spiorad don dream sin a bhíos á iarraidh air?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Dá bhrígh sin, má tá tuigse agaibh-se, atá olc, tabhartaisí maithe a thabhairt do bhur gcloinn: nach mó go mór a bhéarfas bhur n-Athair ó neamh an Spiorad maith dóbhtha sin a iarras air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Ar an adhbhar sin, má’s eol daoibh‐se, agus sibh go h‐olc, deagh‐thabhartais do bhronnadh ar bhúr gclainn, nach mó go mór bhronnfas bhúr nAthair atá ar neamh an Spiorad Naomh ortha‐san iarras air é?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thabhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:13
30 Tagairtí Cros  

Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.


Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart.


Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí.


Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?


Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir.


Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?


Nó má iarrann sé ubh, an dtabharfaidh sé scorpión dó?


Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe déanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.


Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d’á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air go ló agus d’oidhche?


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh’iarrfadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó.


Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí