Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Is í do shúil solas do chuirp: nuair bhíos do shúil glan, bíonn do chorp uile soillseach, chómh maith; acht nuair bhíos sí go h‐olc, bíonn do chorp sa dorchadas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Is í do shúil a bhíos mar lampa ag do cholainn; nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do cholainn lán de sholas; ach más easlán í, bíonn do cholainn uile lán de dhorchadas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan, béidh do chorp uilig soillseach; acht má bhíonn sí olc, béidh do chorp mar an gcéadna dorcha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir soillseach, ach má bíonn sí go h-olc beidh do chorp go léir i ndorchadas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:34
28 Tagairtí Cros  

ionnas, ag féachain dóibh, go ndearcfaidís agus nach bhfeicfidís; agus ag éisteacht dóibh, go n‐éistfidís agus nach dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóchaidís, agus go maithfidhe a bpeacaidhe dhóibh.


agus adhaltrannas, agus sainnt, agus cuirptheacht, agus cealg, agus ainmhian, agus droch‐shúil, agus dia‐mhasladh, agus uabhar, agus baois:


Atá súile agaibh, agus nach bhfeiceann sibh? atá cluasa agaibh, agus nach gcuimhnigheann sibh?


Tabhraidh aire, d’á bhrigh sin, nach dorchadas an solas atá ionnat.


Agus féach anois, atá lámh an Tighearna ort, agus béidhir id’ dhall, gan solas na gréine d’fheicsin go ceann tamaill. Agus leis sin do thuit scamall agus dorchacht air; agus ag siubhal dó, bhí sé ag iarraidh duine do‐bhéarfadh lámh dó.


Agus d’fhanaidís gach lá d’aon toil san teampall, agus do bhrisidís arán ó thigh go thigh, ag caitheamh a mbidh le h‐áthas agus le simplidheacht croidhe,


le n‐a súilí d’fhoscailt, chum go n‐iompóchaidís ó’n dorchadas chum an tsolais, agus ó chumhacht Sátain chum Dé, go bhfaighdís maitheamhnas na bpeacadh agus oighreacht i measc na ndaoine naomhthar tré chreideamh ionnaim‐se.


Óir is é fáth ár maoidhmheachais, fiadhnaise ár gcóinsiais, gur i naomhthacht agus i bhfíre i bhfiadhnaise Dé d’iomcharamar sinn féin san tsaoghal, ní h‐é i ngliocas colnaidhe, acht i ngrása Dé, ’n‐bhur dtaobh‐sa go mór.


Acht is eagal liom, fá mar mheall an nathair Éabha le n‐a ghliocas, go dtruailleochaidhe bhur smaointe ar aon chor ó’n tsimplidheacht agus ó’n ngeanmnaidheacht i dtaobh Chríost.


san dream dí‐chreidmheach go bhfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoghail seo, chum nach ndeallróchadh solas glórmhar Chríost, íomháigh Dé, ortha.


chum go dtugaidh Dia ár dTighearna Íosa Críost, Athair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta dhaoibh i n‐eolas air:


A sheirbhíseacha, bidhidh umhal d’bhur máighistribh do réir na feola, le h‐eagla agus le criothnú, i simplidheacht bhur gcroidhe, mar dheanfadh sibh do Chríost é;


A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh do réir na feola, ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shásamh, acht le deagh‐thoil croidhe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí