Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Imthigheann sí annsin agus do‐bheir sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteach agus do‐ghní siad cómhnaidhe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireadh ’ná do bhí a chéad staid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Ansin imíonn sí go dtugann sí léi seacht sprid eile is urchóidí ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann cónaí ann; agus is measaide an duine úd a dheireadh ná a thús.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Annsin téid sé agus bheir sé leis seacht spioraid eile níos measa ná é féin, agus ag dul isteach dóibh, ghní siad cómhnaidhe ann. Agus is measa stad deireannach an duine sin ná a chéad stad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Imthighidh sé an sin, agus beiridh sé leis seachd spioraide eile is measa ná é fein; agus ar ndol a sdeach dhóibh, do níd comhnaidhe ann sin: agus is measa deireadh an duine sin ná a thosach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Ansan imthigheann sé agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa staid deirineach an duine sin ’ná a chéad staid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spiorad eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spioraid eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:26
11 Tagairtí Cros  

Annsin imthigheann sí, agus beireann sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téigheann siad isteach, agus cómhnuigheann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireadh ’ná ar dtús. Agus is mar sin bhéas an scéal ag an droch‐shliocht so.


Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir taistealann sibh muir agus tír chum cómhalta creidimh amháin do dhéanamh; agus nuair éirigheann libh, do‐ghní sibh mac ifrinn de níos dhá mheasa ’ná sibh féin.


Agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí an teach scuabtha, deisighthe.


Agus tharla, le linn cainnte dhó, gur labhair bean de ghuth árd as an sluagh, agus adubhairt sí, Is beannuighthe an bhroinn d’iomchair thú, agus na cíocha do dheolais.


I n‐a dhiaidh sin fuair Íosa sa teampall é, agus adubhairt sé leis, Féach, atáir slán anois: ná déan peacadh feasta, ar eagla go dtuitfidh nidh ba mheasa ort.


Má chíonn aoinneach a bhráthair ag déanamh peacaidh nach bhfuil chum báis, iarrfaidh sé, agus bhéarfaidh Dia beatha dhó le h‐aghaidh na ndaoine nach ndéanann peacadh chum báis. Atá peacadh chum báis ann; ní abraim go mba cheart dó guidhe ar a shon sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí