Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Éireochaidh ríoghan an domhain theas sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh muinntire an chinidh seo, agus bhéarfaidh sí daoir‐bhreith ortha: óir tháinig sise ó imeallaibh an domhain chum éisteachta le h‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó ’ná Solamh annso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Éireoidh banríon an deiscirt nuair a chuirfear an breithiúnas ar fhir na glúine seo go ndaorfaidh iad; mar tháinig sise ó thíortha in imigéin le héisteacht le heagna Sholaimh, agus tá ní anseo is mó ná Solamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Éireochaidh bainríoghan an deiscirt san bhreitheamhnas le muinntir na glúine seo, agus daorfaidh sí iad, óir tháinic sise ó imillchríocha an domhain d’éisteacht le h-eagna Shalomoin; agus féach, neach is mó ná Salomon annseo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Eireóchaidh Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus féach duine anso is mó ’ná Salomón.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Éireoidh ban-ríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

31 Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:31
11 Tagairtí Cros  

Éireochaidh bainríoghan an deiscirt sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an gheinealaigh so, agus daorfaidh sise é: óir tháinig sí ó fhoircheann an domhain chum éisteachta le n‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó na Solamh annso.


agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas.


Agus tháinig guth as an scamall amach, adubhairt, Is é seo mo Mhac, mo rogha: éistidh leis.


agus an té atá neamh‐thimcheall‐ghearrtha do réir nádúire, má choimheádann sé an dlighe, nach dtiubhraidh sé breitheamhnas ort‐sa bhriseas an dlighe, agus scribhinn an dlighe agus an timcheall‐ghearrtha agat?


Tré chreideamh Naoi, iar bhfágháil rabhaidh ó Dhia i dtaobh na neithe nach raibh fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramacht do chuir sé áirc i gcóir chum a theaghlach féin do shábháil: agus d’á bhárr sin do chionntuigh sé an saoghal, agus do rinneadh oidhre na fíréantachta atá tré chreideamh dhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí