Lúcás 11:31 - An Bíobla Naofa 198131 Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)31 Éireoidh banríon an deiscirt nuair a chuirfear an breithiúnas ar fhir na glúine seo go ndaorfaidh iad; mar tháinig sise ó thíortha in imigéin le héisteacht le heagna Sholaimh, agus tá ní anseo is mó ná Solamh. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara31 Éireochaidh bainríoghan an deiscirt san bhreitheamhnas le muinntir na glúine seo, agus daorfaidh sí iad, óir tháinic sise ó imillchríocha an domhain d’éisteacht le h-eagna Shalomoin; agus féach, neach is mó ná Salomon annseo. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)31 Éireochaidh ríoghan an domhain theas sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh muinntire an chinidh seo, agus bhéarfaidh sí daoir‐bhreith ortha: óir tháinig sise ó imeallaibh an domhain chum éisteachta le h‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó ’ná Solamh annso. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)31 Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)31 Eireóchaidh Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus féach duine anso is mó ’ná Salomón. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201231 Éireoidh ban-ríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh. Féach an chaibidil |