Lúcás 11:32 - An Bíobla Naofa 198132 Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)32 Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear an breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siad aithrí le seanmóireacht Ióna, agus féach tá ní anseo is mó ná Ióna. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara32 Éireochaidh muinntir Ninibhe san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad-san aithrighe as ucht seanmóireacht Iónais; agus féach, neach is mó ná Iónas annseo. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)32 Éireochaidh muinntear Ninibhe sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an chinidh seo, agus bhéarfaidh siad daoir‐bhreith air: óir do‐rinneadar‐san aithrighe ar fhógairt Iónáis, agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)32 Eireóchaid luchd Niníbhe a mbreitheamhnus maille ris an gcineadhso, agus dainmeóchaid é: oír do rinneadarsan aithrighe ag seanmóir Iónas; agus, féuch, atá duine as mó ná Iónas ann so. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)32 Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus tabharfaid siad daor-bhreith ortha; mar do dheineadar aithrighe nuair fhógair Iónas dóibh é; agus féach duine anso is mó ’ná Iónas. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201232 Éireoidh muintir Ninivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a dʼfhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna. Féach an chaibidil |