Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:33 - An Bíobla Naofa 1981

33 “Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 “Níl duine ann dá mbíonn tar éis lampa a lasadh a chuireas é i siléar nó faoi bhuiséal, ach in airde ar sheastán, go dtí go bhfeice a dtéann isteach an solas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Aoinneach a lasas lampa, ní chuireann sé i bhfolach é ná faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir ionnas go bhfeicidh na daoine a bhíos ag teacht isteach an solus.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Aoinneach lasas lóchrann, ní i soiléar chuireas sé é, ná fá bhéal buiséil, acht cuireann sé ar stáitse é, chum go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfidh na daoine a thagann isteach an tsoilse.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:33
7 Tagairtí Cros  

An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.


D'fhreagair Íosa: “Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo.


Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí