Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus adubhairt sé leo, Nuair do‐ghní sibh urnaighe, abraidh, A Athair, Go naomhthar t’ainm. Go dtigidh do ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus dúirt sé leo, “Nuair a dhéanann sibh urnaí, abraigí: A Athair, go naofar dʼainm, go dtaga do ríocht.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus dubhairt sé leo: Nuair a ghní sibh urnaighe, abraigidh: A Athair, go naomhthar d’ainm. Go dtigidh do ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dubhairt seision ríu, A núair do dhéantáoi urnuighe, abraidh, Ar nathair atá ar neamh, naomhthar hainin. Tigeadh do rioghachd. Déantar do thoil, ar an talamh, mar atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe déanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar dʼainm; go dtaga do ríocht;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d'ainm; go dtaga do ríocht;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:2
45 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, gach duine admhóchas mise i láthair na ndaoine, admhóchad‐sa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh.


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Bíodh bhúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i bhfiadhnaise na ndaoine, ionnas go bhfeicfidh siad bhúr ndeaghoibreacha, agus go molfaidh siad bhúr n‐Athair atá ar neamh.


Agus tharla, agus é ag déanamh urnaighe i n‐áit áirithe, go ndubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, nuair do stad sé, A Thighearna, múin dúinne urnaighe do dhéanamh, fá mar mhúin Eoin d’á dheisceablaibh féin.


mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


Óir ní fhuair sibh spiorad na daoirse chum bheith fá eagla arís: acht fuair sibh spiorad uchtcachta, tríd a nglaodhaimíd, Abbá, a Athair.


Grása dhaoibh, agus síothcháin ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


Grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


thug é féin i n‐éiric ár bpeacaidhe, chum go saorfadh sé ó’n aois uilc so atá ann de láthair, do réir tóla ár nDé agus ár nAthar,


grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


Grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


Anois glóir do Dhia agus d’ár nAthair go saoghal na saoghal. Amen.


chum na naomh agus chum na mbráthar dílis i gCríost atá i gColossae, grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair.


Pól, agus Silbhánus, agus Timóteus, chum eaglaise na dTesaloníceach i nDia an tAthair, agus san Tighearna Íosa Críost: Grása agus síothcháin daoibh.


ag síor‐chuimhneamh ar bhur ngníomharthaibh creidimh, agus ar bhur saothar carthannachta, agus ar bhur ndóchas foidhneach as ár dTighearna Íosa Críost, i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar.


Anois go dtugaidh ár dTighearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, do ghrádhuigh sinn, agus thug sólás síorraidhe agus deagh‐dhóchas dúinn tré ghrása, go dtugaidh sé sólás croidhe dhaoibh,


Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal.


Cia h‐é nach mbéidh eagla air rómhat, a Thighearna, agus nach dtiubhraidh glóir dot’ ainm? Óir is tusa amháin atá naomhtha; agus tiocfaidh na cinidheacha uile agus sléachtfaidh siad rómhat; óir atá do bhreitheamhnaisí lán‐fhoillsighthe.


Agus do chualas mar bhéadh glór mór‐shluaigh, agus mar béadh torann uiscí iomdha, agus mar bhéadh torann tóirnighe tréine, g‐á rádh Allelúia! óir riaghluigheann an Tighearna, ár nDia Uile‐chumhachtach anois.


Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí