Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so.
Matha 4:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼfhág sé Nasair go ndeachaigh a bhaint faoi i gCaparnáum atá cois na farraige, i gceantar Shebúlúin agus Naftálí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhág sé cathair na Nasaire, go ndeachaidh a chómhnaidhe i gCapharnaum i n-aice na mara, i gcríocha Shabuloin agus Nephtalim. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfágbháil Nasárét, taínic sé do dhéanamh comhnuighe go Capearnáum, do bhí chois na fairge, a leithimeal Shabulon agus Nephtailim: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáúm cois na farraige, i gcríocha Zeabalan agus Naftáilí An Bíobla Naofa 1981 D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím |
Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so.
Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta?
Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte:
Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge isteach ’n-a chathair féin.
Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill, sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus dheineadh sé teagasg.
Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad.
Ansan do chuaidh sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a deisgiobuil, agus d’fhanadar ann beagán laethanta.
Tháinig sé, d’á bhrígh sin, go Cána na Gaililí mar ar dhein sé fíon de’n uisge. Agus bhí taoiseach áirighthe ann go raibh a mhac breóite i gCapharnaum.
Agus chuadar ar bórd na luinge, agus chuadar treasna na faraige go Capharnaum; agus bhí an doircheacht ann feasda, agus ní raibh Íosa tagaithe chúcha.
Agus nuair a chonaic an tsluagh ná raibh Íosa ná a dheisgiobuil sa n-áit, chuadar ar bórd na long agus thánadar go Capharnaum ag lorg Íosa.
Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní h-ionan agus mar a dh’ith bhur n-aithreacha manna, agus go bhfuilid siad marbh. An t-é a dh’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta.