Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.
Lúcás 22:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: A Athair, má’s toil leat, beir uaim an chailís seo. Cidheadh, ná déantar mo thoil-se, acht do thoil-se. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á rádh, A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: acht cheana, nárab é mo thoil‐se acht do thoil‐se do‐ghéantar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupán seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” An Bíobla Naofa 1981 agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” |
Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.
Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd.
Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa.
Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.
Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna.
Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim. Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.
Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa.
Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.
Agus dubhairt Íosa le Peadar: Cuir do chlaidheamh n-a thruaill taisge. An chailís a thug an t-Athair dom, an amhlaidh ná h-ólfad í?
Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn.
Ní fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an t-é a chuir uaidh mé.
Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé.
Ansan, nuair a theip orainn é bhogadh d’éisteamair agus dubhramair: Toil an Tighearna go ndeintear!