Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Ach dʼfhreagair Íosa, “Ní feasach daoibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libhse an cupán a ólfas mise a ól?” Ar siadsan, “Is féidir.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ní fhuil a fhios agaibh cad é atá dá iarraidh agaibh. An dtig libh an chailís atá le h-ól agam-sa d’ól? Deir siad leis: Tig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólfad‐sa an féidir libh‐se a ól? Adubhradar‐san leis, Is féidir linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt, Ni bhfuil a fhios agaibh créd iárrtháoi. A neidir libh an cupán íobhas misi dól, agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh le a mbaisdear misi? A dubhradarsan ris, Is éidir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Dʼfhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupán a ól atá le hól agam-sa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:22
17 Tagairtí Cros  

Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbheadh orm bhas d’ fhághail i n-aonfheacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna.


Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa.


Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.


Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa.


Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlionfar é!


Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se.


Agus dubhairt Íosa le Peadar: Cuir do chlaidheamh n-a thruaill taisge. An chailís a thug an t-Athair dom, an amhlaidh ná h-ólfad í?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí