Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus dubhairt sé léi: Cad ’tá uait? Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do chlí ad’ rígheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus dúirt sé léi, “Cad é atá uait?” Agus dúirt sise leis, “Ordaigh go suífidh mo dhís mhac, duine acu ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé i do ríocht.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus dubhairt sé léi: Cad é is toil leat? Deir sise leis: Abair go suidhfidh an beirt mhac seo agam, duine ar do dheis agus duine ar do chlí, i do ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus adubhairt sé léi, Créad atá uait? Adubhairt sise leis, Tabhair órdú go suidhfidh mo bheirt mhac so, duine aca ar do láimh dheis, agus duine aca ar do láimh chlé id’ ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus a dubhairt seisean ría, Créd í do thoil? A deir sis iris, Abair go suidhfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láimh dheis, agus aon eile ar do láimh chlé, ad rioghachd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agam-sa, go n-ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do Ríocht.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:21
24 Tagairtí Cros  

An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas?


Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd.


Agus do stad Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is maith libh a dhéanfainn daoibh?


Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc a thabhairt dom, a Thighearna.


Agus an Tighearna Íosa, tar éis labhartha leó dhó, do tógadh suas ar neamh é, agus tá sé ’n-a shuidhe ar deasláimh Dé.


Agus tháinig inghean Héródias isteach agus dhein sí rinnce agus do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é.


Agus dubairt sé: Go bhfeicfinn, a Thighearna.


Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.


Agus bhí tnúth eatartha, leis, féachaint cé’cu dhíobh ba chuibhe bheith i n-uachtar.


Má fhanann sibh ionam-sa, agus má fhanaid mo bhréithre ionaibh, iarrfaidh sibh pé nídh is maith libh, agus déanfar daoibh é.


Agus an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuireadar ceist chuige agus dubhradar: A Thighearna, an sa n-aimsir seo a thabharfair an rígheacht thar n-ais d’Israél?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí