Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim. Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 bíodh do ríocht ag teacht, bíodh do thoil á déanamh ar an talamh mar atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Go dtigidh do ríoghacht. Go ndéantar do thoil ar an talamh mar ghníthear ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 go dtigidh do ríoghacht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar do‐ghnítear ar neamh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Tigheadh do ríoghachd. Deúntar do thoil ar an ttalamh, mar do nithear ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 go dtaga do Ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar Neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:10
44 Tagairtí Cros  

Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.


Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.


Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.


Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach an t-é a dhéanfaidh toil m’Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas.


Is beannuighthe an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. Is beannuighthe ag teacht an rígheacht so ár n-athar Dáibhid. Hósanna ins na flathais is aoirde.


Óir, an t-é a dhéanfaidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.


Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.


Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais.


Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se.


Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn.


Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chionn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.


Má’s mian le duine a thoil sin do dhéanamh aithneócaidh sé i dtaobh an teagaisg, an ó Dhia é, nó an uaim féin atáim ag caint.


Ansan do chuir sé an fear san i leith taoibh agus thóg sé suas chúcha Dáibhid ’n-a rí, agus thug sé teistiméireacht air nuair a dubhairt sé: Tá Dáibhid mac Iesse fághalta agam, fear do réir mo chroidhe féin, fear a chómhlíonfaidh gach nídh is toil liom.


Ansan, nuair a theip orainn é bhogadh d’éisteamair agus dubhramair: Toil an Tighearna go ndeintear!


Ansan dubhairt sé: Do cheap Dia ár sinnsear thusa roim ré chun go dtuigfá a thoil agus go bhfeicfá an t-Aon Ceart. agus go n-aireóchfá guth a bhéil;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí