Gníomhartha 21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXI. Cuaird Phóil go Ierúsalem. É dhá ghabháil aige sna Iúdaígh sa teampull. 1 Agus nuair á thárla go raibh sgartha againn leó agus sinn ag gluaiseacht fé sheól, thánamair ceann ar aghaidh go Cóos, agus an lá ’n-a dhiaidh san go Rodos, agus as san go Patara. 2 Ansan do fuaramair long a bhí ag dul treasna go Phoenicé, agus chuamair ar bórd agus ghluaiseamair. 3 Thánamair i radharc Chuprois agus d’fhágamair ar ár láimh chlé é agus sheólamair go Síria agus thánamair go Túros; óir is ann a bhí ar an luing a h-ualach do chur aisti. 4 Fuaramair deisgiobuil sa n-áit sin agus d’fhanamair ann seacht lá, agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan dul suas go Ierúsalem. 5 Ach nuair a bhí na laethanta caithte do ghluaiseamair agus bhíomair ag imtheacht, agus thánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ghár dtionnlacan, go geataí na catharach; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúinibh ar an dtráigh agus do ghuídhmair. 6 Ansan d’fhágamair slán ag á cheile agus chuamair-ne ar an luing agus chuadar-san abhaile. 7 Dheineamair-ne ár gcuaird ar uisge ó Thúros síos go Ptolemáis agus bheannuighmair do sna bráithribh a bhí ann agus d’fhanamair lá ’n-a bhfochair. 8 Ghluaiseamair an lá ’n-a dhiaidh agus thánamair go Caesaréa. Chuamair, ansan, go tigh Philibh, an soisgéalaidhe, duine de’n mhórsheisear, agus d’fhanamair aige. 9 Bhí aige sin ceathrar inghean, ceathrar maighdean, agus dheinidís targaireacht. 10 Do stadamair ann rainnt laethanta agus tháinig chúghainn ó Iúdaéa fáidh n-ar bh’ainim dó Agabus. 11 Nuair a tháinig sé sin chúghainn do thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheangalóchaid na Iúdaígh é i n-Ierúsalem, agus tabharfaid siad i lámhaibh na nGeinte é. 12 Nuair airighmair-ne an méid sin bhíomair féin agus muinntir na h-áite sin ag tathant air gan dul suas go Ierúsalem. 13 Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreagrad: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroide? Táimse ollamh, ní h-amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa. 14 Ansan, nuair a theip orainn é bhogadh d’éisteamair agus dubhramair: Toil an Tighearna go ndeintear! 15 Agus tar éis na laethanta san d’ollmhuighmair sinn féin agus bhíomair ag dul suas go Ierúsalem. 16 Agus tháinig i n-aonfheacht linn cuid de sna deisgiobuil ó Chaesaréa, agus Cupriánach ’n-a dteannta, duine dár bh’ainim Mnasón, seana-dheisgiobul, n-a rabhmair chun bheith ar lóisdín aige. 17 Thánamair go Ierúsalem agus do ghlac na bráithre sinn go fáilteach. 18 Amáireach a bhí chúghainn chuamair féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go léir cruinnighthe ann. 19 Bheannuigh sé dóibh agus d’innis sé dóibh, tríd síos, gach a raibh déanta ag Dia, tré n-a fhrithálamh féin, ameasg na nGeinte. 20 Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creideamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe. 21 D’airighdar ámhthach, go bhfuilirse ghá chur ’n-a luighe ar na Iúdaígh atá ameasg na nGeinte nach misde dhóibh imtheacht ó Mhaois, agus ná fuil fhiachaibh ortha tímpallghearradh do dhéanamh ar a gclainn, ná réir na dlíghe do leanmhaint. 22 Cad ’tá le déanamh mar sin? Gan amhras caithfid na daoine cruinniú mar aireóchaid siad gur thánaís. 23 Dein an níd seo a deirimíd leat dá bhrígh sin: Tá ceathrar fear againn go bhfuil móid ortha. 24 Tóg leat iad san agus glantar thu i n-aonfheacht leó. Ansan díol-se asta i dtreó, go mbheárrfar a gcinn. Ansan chífidh gach aoinne gur b’éitheach ar airíghdar ad thaobh, go bhfuilir féin ag siúbhal ad chosnamhaidhe do’n dlígh. 25 Ach i dtaobh na nGeinteach a chreid, do sgríobhmair-ne ghá órdú dhóibh cimeád ó’n rud a h-ídhbireach d’íodholaibh, agus ó fhuil, agus ó nídh a tachtadh, agus ó dhrúis. 26 Ansan do thóg Pól leis na fir lár n-a mháireach agus do glanadh é i n-aonfheacht leó agus chuaidh sé isteach sa teampull, tar éis laethanta a nglanta d’fhógairt, chun go ndéanfí ofráil ar son gach duine acu. 27 Ach bhí Iúdaígh ó’n Ásia ann agus nuair a bhí na seácht laethanta dhá gcríochnú chonnacadar sa teampull é agus do ghríosadar an pobul go léir agus chuireadar a lámha. air agus do liúghdar: 28 Congnamh! a fheara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gach aon bhall i gcomnibh an phobuil seo agus i gcoinnibh na dlighe agus i gcoinnibh na h-áite seo. Thug sé daoine geinteacha isteach sa teampull agus do sháruigh sé an áit bheannuighthe seo. 29 Óir bhíodar tar éis Trophimuis ó Ephesus a dh’fheiscint sa chathair ’n-a theannta agus cheapadar go raibh Pól tar éis é thabhairt isteach sa teampull. 30 Agus bhí an chathair go léir ar buile, agus do chruinnigh na daoine. Do rugadar ar Phól agus tharraigeadar amach as an dteampull é agus do dúnadh na dóirse láithreach. 31 Agus bhí fonn ortha é mharbhadh, ach do h-innseadh do thribhiún an airm Ierúsalem go léir a bhéith tré n-a cheile. 32 Thóg sé sin leis saighdiúirí agus taoiseacha céad agus do rith sé chúcha síos. Nuair a chonnacadar an tribiún agus na saighdiúirí do stadadar de bheith ag bualadh Phóil. 33 Ansan do tháinig an tribiún agus thóg sé é agus d’órduigh sé é ceangal le dhá shlabhra agus d’fhiafraigh sé cia’r bh’é agus cad a bhí déanta aige. 34 Ach bhí án tsluagh ag liúirigh, duine ghá rádh so agus duine ghá rádh súd. Agus nuair nár bh’fhéidir dó deimhin a dh’fhághail mar gheall ar an gcur tré chéile, d’órduigh sé é thabhairt chun an longphuirt. 35 Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre do thárla go raibh na saighdiúirí ghá lompar mar gheall an dhéine na ndaoine; 36 Óir bhí an tsluagh ’n-a ndiaidh agus iad ag liúirigh: Tóg uainn é. 37 Agus le linn e bhreith isteach sa longphort dubhairt Pól leis an dtribiún: An misde dhom bheagán cainnte dhéanamh leat? Agus dubhairt seisean: An dtuigeann tú Gréigis? 38 Nách tusa an t-Éigipteach úd a dhein an chíréib ins na laethanta roimis seó agus do rug leat isteach sa bhfásach cheithre mhíle de ropairíbh. 39 Agus dubhairt Pól leis: Iúdach iseadh mé go deimhin, ó Tharsus i gCilicia. Is cómhnuightheach mé do chathair nach suarach. Iarraim ort leogaint dom labhairt leis an bpobul. 40 Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé: |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society