Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.
Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,
Agus bhí sé i bhfochair an phróchonsuil, Sergius Paulus, fear ciallmhar. Chuir sé sin fios ar Bharnabas agus ar Shaul mar ba mhian leis briathar Dé do chloisint.
Ach nuair a bhí Gallió ’n-a phróchonsul i n-Acaía d’eirigh na Iúdaígh, do thoil a chéile i n-aghaidh Phóil agus thugadar os cómhair an t-suidhebhratha é, Agus dubhradar:
I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig sé na daoine ’n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chuallacht go léir.