Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVIII. Eaglais Coirint dá cur ar bun ag Pól, agus é ag seanmóiniú i n-Ephesus, ⁊rl. Apollo do dhul go h-Ephesus.

1 Tar éis an méid sin d’fág sé cathair Aténé agus tháinig sé go dtí Coirint.

2 Agus fuair sé sa n-áit sin Iúdach n-ar bh’ainim dó Acuila, fear a rugadh i bPontus agus a bhí tar éis teacht go déanach ó’n Eadáil, agus Priscilla, á bhean (do dheasgaibh a bheith órduighthe ag Claudius do sna Iúdaígh go léir imtheacht ó’n Róimh), agus chuaidh sé ag triall ortha.

3 Agus toisg é bheith ar aon cheárd leó d’fhan sé ’n-a bhfochair ag obair ar an gcéird (agus ag déanamh pailiún ab eadh an a cheard).

4 Agus bhíodh sé sa tsinagóig ag pléidh, gach lá sabbóide, ag trácht ar ainim an Tighearna Íosa, agus bhí sé ag tabhairt na nIúdach agus na nGréagach leis.

5 Ansan nuair a tháinig Sílas agus Tímoteus chuige ó Mhacedonia do ghéaruigh Pól sa teagasg, gá chur ’n-a luighe ar na Iúdaígh gur b’é Íosa is Críost ann.

6 Ach bhí na Iúdaígh ’gha bhréagnú go masluightheach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíod bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan.

7 Tabharfad aghaidh ar na geintibh feasda. Ansan d’fhág sé an áit sin agus tháinig sé go tigh duine dár bh’ainim Títus lústus, duine a bhí úmhal do Dhia, agus go raibh a thigh ceangailte de’n tsinagóig.

8 Agus do chreid Crispus, uachtarán na sinagóige, sa Tighearna, agus a theaghlach go léir, agus do chreid mórán de sna Coirintigh a bhí ag éisteacht leis agus do baisteadh iad.

9 Ansan dubhairt an Tighearna le Pól, i n-aisling, san oidhche: Ná bíodh eagal ort, ach labhair agus ná h-eist,

10 óir táimse leat, agus ní leómhfaidh aoinne dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine sa chathair seo agamsa

11 Agus d’fhan sé ansan bliain agus sé mhí ag teagasg bréithir Dé ’n-a measg.

12 Ach nuair a bhí Gallió ’n-a phróchonsul i n-Acaía d’eirigh na Iúdaígh, do thoil a chéile i n-aghaidh Phóil agus thugadar os cómhair an t-suidhebhratha é, Agus dubhradar:

13 Tá an fear so ag cur na ndaoine suas chun Dia d’adhradh go h-aindleaghthach.

14 Ach nuair a bhí Pól ag tusnú ar a bhéal a bhogadh chun labhartha dubhairt Gallió leis na Iúdaígh: A fheara Iúdacha, dá mba éagcóir é, nú coir chionntach ana-olc, ba cheart dom cur suas libh.

15 Ach má’s cúrsaí focal é, agus ainimneacha, agus bhúr ndlighe-se, féachaidh féin chuige: ní h-áil liomsa bheith am breitheamh ar na neithibh sin.

16 Agus do chomáin sé ó’n suidhebhratha iad.

17 Agus do rugadar go léir an Shóstenés uachtarán na sinagóige agus bhíodar ag gabháil air os cómhair an tsuidhebhratha agus níor chuir Gallió aon tsuim i n-aon nídh de sna neithibh sin.

18 D’fhan Pól mórán laethanta sa n-áit. Ansan d’fhág sé slán ag na bráithribh agus chuaid sé ar luing go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n-aonfheacht leis) tar éis a chínn a bhearradh i gCencrea, mar bhí móid aige.

19 Agus tháinig sé go dtí Ephesus agus d’fhág sé iad-san ann. Agus chuaidh sé féin isteach sa tsinagóig ag díospóireacht leis na Iúdaígh.

20 Agus d’iarradar air fanmhaint níos sia ach níor thoiligh sé chuige, Ach d’fhág sé slán acu agus dubhairt sé:

21 Tiocfad chúghaibh airís má’s toil le Dia é. Ansan d’imthígh sé ó Ephesus

22 Agus chuaid sé síos go Caesaréa. Ansan chuaidh sé suas agus bheannuigh sé do’n eaglais, agus chuaidh sé síos go h-Antioch.

23 Chaith sé suim aimsire ansan, agus ghluais sé tré dhúthaíbh Ghalatia agur Phrigia, i ndiaidh chéile, ag cur misnigh ar na deisgiobuil go léir.

24 Tháinig, ámh, go h-Ephesus Iúdach n-ar bh’ainim dó Apollo, Alecsandríneach, fear deaghlabhartha, láidir ins na Scriptiúraibh.

25 Bhí sé oilte ar slighe an Tighearna agus do labhair sé le díogras aigne agus do theagaisg sé go dúthrachtach na neithe a bhaineann le h-Íosa, agus gan ar eólus aige ach baiste Eóin.

26 Do chrom an fear san ar labhairt go dána sa tsinagóig. Agur nuair a dh’airigh Priscilla agus Acuila é thugadar leó é agus mhúineadar dó níos cruinne slighe an Tighearna.

27 Ansan ba mhian leis dul go h-Acaia agus do sgríbh na bráithre ag triall ar na deisgiobuil ’ghá iarraibh ortha é ghlacad. Agus nuair a tháinig sé thug sé congnamh mór do’n mhuinntir a bhí tar éis creideamhaint.

28 Óir do chuir sé ’n-a luige go cuthaigh ar na Iúdaígh, go puibilídhe, gur b’é Íosa is Críost ann.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí