a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.
Matha 2:4 - An Bíobla Naofa 1981 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus chruinnigh sé a raibh ann dʼardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar chruinniughadh na bpríomh-shagart agus Scríobhaidhthe an phobail go léir le chéile dó, d’fhiafruigh sé díobh cá h-áit an chóir do’n Chríost a theacht ar an tsaoghal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhó agus sgriobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhióbh, Cía a náit ann a mbéartháoi Chriosd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus sgríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus dʼfhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. |
a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.
Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,” agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán.
Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.
Ansin d'éirigh Eazrá agus chuir d'iallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn.
ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna, agus is againn atá dlí an Tiarna’? Féach, cé mar a falsaíodh é le peann bréagach na scríobhaithe.
Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.
Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.
Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”
San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,
Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.
Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.
á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.
Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.
Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall.
Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.
D'fhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!
Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail.
Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:
Mhéadaigh ar an ngleo, agus d'éirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: “Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis...”
Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim.
Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun na sainidríne é.