Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 10:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ansin d'éirigh Eazrá agus chuir d'iallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Annsin déirigh Esra, agus thug mionna ar na hárdshagartuibh, agus ar na Lebhítibh, agus ar Israel uile, go ndéanaidís do réir a nfocailsi. Agus thugadar a mionna ris sin.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 10:5
10 Tagairtí Cros  

Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí.


Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana -


Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.


“Déanfaimid cúiteamh,” d'fhreagair siad, “ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.” Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar.


Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -


Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!


Baineann ola na comhairle an ceo den chroí, ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.


Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.


D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí