Eazrá 10:6 - An Bíobla Naofa 19816 Ansin d'imigh Eazrá leis óna ionad os comhair Theampall an Tiarna agus chuaigh isteach i seomra Iahóchánán mac Eiliáisíb mar ar [fhan sé an oíche sin] gan arán ná uisce a chaitheamh, mar bhí sé ag caoineadh feall na ndeoraithe. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 ¶ Annsin déirigh Esra súas ó lathair thighe Dé, agus do chuáidh sé go séomra Iohanan mhic Eliasib: agus a núair tháinic sé annsin, níor ith sé aran, agus níor ibh sé uisge: óir do chaói sé ar son sháruighthe na druinge noch rugadh ar siubhal. Féach an chaibidil |