Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna, agus is againn atá dlí an Tiarna’? Féach, cé mar a falsaíodh é le peann bréagach na scríobhaithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ciondus a dearthaói, Atámaóid críonna, agus atá dligheadh an TIGHEARNA aguinn? Féuch, go dearbhtha is go díomhaoin do rinne sé é; is go diomhaóin atá peann na scribhneóireadh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:8
18 Tagairtí Cros  

Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.


Ní fhágann sé focal ag na soilbhire, Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí.


D'fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób; a reachtanna agus a fhoraitheanta d'Iosrael.


Sliocht a sleachta coróin na sean; a n‑athair glóir na clainne.


Rinne do chéad sinsear peaca, agus do theangacha labhartha, d'éirigh siad amach i mo choinne.


“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”


Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.


“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”


Conas a deir sibhse: ‘Is fir chumhachtacha sinne, agus réidh chun cogaidh’?


Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m'aitheanta, mheasfaí mar rud iasachta iad.


níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair’; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin.


Dúirt Íosa leo: “Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”


Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d'imigh siad le baois;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí