Matha 2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL II. Ofrálacha na suadh. An teithe chun na h-Éigipte. Marbhadh na leanbh. 1 Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar: 2 Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh. 3 Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith. 4 Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus sgríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost. 5 Agus dubhradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an bhfáidh: 6 Agus tusa, a Bhetlehem, a thalamh Iúda, ní tu is lúgha i n-aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is asat-sa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobul Israél do riaradh. 7 Ansan do ghlaoidh Héród na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé amach uatha go cruinn an t-am i n-ar taisbeánadh an réalt dóibh. 8 Agus do stiúruigh sé go Betlehem iad, agus dubhairt sé: Cuarduighidh go maith an mac so; agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisg air tagaidh agus innsidh dómh-sa é, go dtéighead agus go n-adhrad é, leis. 9 Tar éis na cainte sin ó’n rí d’imthigheadar. Agus féach, an réalt a chonacadar sa domhan toir do ghluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h-áite i n-a raibh an leanbh. 10 Nuair a chonacadar an réalt do tháinig árd-áthas ortha. 11 Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr. 12 Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n-ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n-ais chun a dtíre féin. 13 Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n-a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe. 14 D’eirigh seisean, agus thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaidh sé sa n-Éigipt; 15 agus bhí sé sa n-áit sin chun go bhfuair Héród bás; Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac. 16 Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoithe é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian, nó fé n-a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach ó chaint na ndraoithe. 17 Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh nuair adubhairt sé: 18 Do h-airigheadh guth i Ráma, árd-ghol agus iomad ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfadh sí sólás toisg gan iad a bheith ann. 19 Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n-Éigipt. 20 Agus dubhairt: Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus imthigh go tír Israéil, óir an mhuíntir a bhí ar tí an leinbh do chur chun bháis táid siad tar éis bháis. 21 Agus d’eirigh seisean agus thóg sé leis an leanbh ⁊ a mháthair, agus tháinig sé go tír Israéil. 22 Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí. 23 Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society