Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus sgríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus chruinnigh sé a raibh ann dʼardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ar chruinniughadh na bpríomh-shagart agus Scríobhaidhthe an phobail go léir le chéile dó, d’fhiafruigh sé díobh cá h-áit an chóir do’n Chríost a theacht ar an tsaoghal.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhó agus sgriobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhióbh, Cía a náit ann a mbéartháoi Chriosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus dʼfhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:4
30 Tagairtí Cros  

Dubhairt sé leó: D’á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe.


Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith.


Agus dubhradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an bhfáidh:


Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha.


Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?


Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas;


Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí.


Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é.


Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.


Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó’n mbás.


Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.


Agus sheasamh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith.


Agus nuair a fuair Iúdas buidhean saighdiúirí agus oificeacha ó sna h-árd-shagairt agus ó sna Fairisínigh, tháinig sé cun na h-áite agus lóchranna aige, agus tóirsí, agus airm.


Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin?


D’airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur ’s ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air.


Agus thug na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh leó bean gur rugadh uirthi i n-adhaltranas, agus chuireadar ’n-a seasamh i láthair í,


Ansan d’éirigh collóid mhór. Do phreab cuid de sna Fairisínigh ’n-a seasamh agus bhiodar ag aighneas agus deiridís: Ní bhfaighmíd aon olc sa duine seo. Má labhair spioraid leis, nú aingeal, cad é sin d’aoinne eile sin.


Agus do thárla ar maidin lár n-a mháireach gur chruinnigh a n-uachtaráin agus a seanóirí agus a sgribhneóirí i n-Ierúsalem,


Do ghníosadar ar an gcuma san an pobhul agus na seanóirí agus na sgríbhneóirí agus do ritheadar i gceann a chéile agus do rugadar air agus do thugadar i láthair na cómhairle é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí