Matha 2 - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Anois nuair a tháinig Íosa ar an saol i mBétlehem in Iúdaea i laethanta an rí Iorua, bʼshiúd draoithe ón Domhan Thoir a tháinig go hIarúsailéim agus iad ag fiafraí, 2 “Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá tar éis teacht ar an saol? Mar táimid i ndiaidh a réalta a fheiceáil sa Domhan Thoir agus a theacht anseo lena adradh.” 3 Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis; 4 agus chruinnigh sé a raibh ann dʼardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol. 5 Ba é rud a dʼinis siad dó, “I mBétlehem Iúdaea; mar is mar seo atá scríofa ag an bhfáidh: 6 ‘Agus tusa, a Bhétlehem, i dtír Iúda, ní tú is lú ar cheannfoirt Iúda; mar is asat a thiocfas an rialtóir a rialós mo phobalsa Iosrael.’” 7 Chuir Iorua ansin fios ar na draoithe os íseal gur fhionnaigh uathu cá huair a chonacthas an réalta; 8 agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.” 9 Dʼimigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus bʼshiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh. 10 Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu; 11 agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. Dʼoscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr. 12 Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin dʼimigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile. 13 Nuair a bhí siadsan ar shiúl, bʼshiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.” 14 Agus dʼéirigh sé agus rug an leanbh agus a mháthair leis san oíche, gur thug an Éigipt air féin, 15 agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.” 16 Nuair a chonaic Iorua an cleas a dʼimir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain dʼaois, de réir an ama a dʼfhionn sé ó na draoithe. 17 Is ansin a comhlíonadh an briathar a labhraíodh ó bhéal an fháidh Ierimía: 18 “Chualathas an glór i Ráma, ag mairgneach agus ag caoineadh go hard, Rachél ag caoineadh a clainne; agus ag diúltú don sólás, ó nach bhfuil siad ann.” 19 Ach nuair a fuair Iorua bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaf san Éigipt, 20 agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.” 21 Agus dʼéirigh sé agus rug sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaigh sé go Tír Iosrael. 22 Ach nuair a chuala sé go raibh Arceláus ina rí ar Iúdaea in áit a athar Iorua, níor lig an eagla dó dul ansin, ach ba é rud, fuair sé rabhadh i mbrionglóid a thug air dul i leataobh go críocha Ghalailí. 23 Agus chuaigh sé a chónaí i gcathair ar tugadh Nasair air, go gcomhlíonfaí a ndúirt na fáithe, “Gairfear Nasarach de.” |
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland