Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus chruinnigh sé a raibh ann dʼardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ar chruinniughadh na bpríomh-shagart agus Scríobhaidhthe an phobail go léir le chéile dó, d’fhiafruigh sé díobh cá h-áit an chóir do’n Chríost a theacht ar an tsaoghal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhó agus sgriobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhióbh, Cía a náit ann a mbéartháoi Chriosd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus sgríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus dʼfhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:4
30 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt seisean leo, D’á bhrigh sin, gach scríobhaidhe atá ’n‐a dheisceabal do ríoghacht na bhflaitheas, is cosmhail é le fear tighe, do‐bheir amach as a chiste neithe nua agus neithe seanda.


Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith.


Agus adubhradar‐san leis, I mBeithil Iúdaea, óir is mar sin atá scríobhtha ag an bhfáidh:


Acht nuair do chonnaic uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe na rudaí éachtacha do‐rinne sé, agus na leanbhaí do bhí ag glaodhach ós árd sa teampall, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; tháinig fearg ortha, agus adubhradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so?


Agus nuair tháinig sé isteach sa teampall, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige, agus é ag teagasc, agus adubhradar, Créad é an t‐ughdarás atá agat‐sa chum na neithe seo do dhéanamh? agus cia thug an t‐ughdarás sin duit?


Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas;


Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail.


Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é:


óir do theagaisc sé iad amhail duine ag a raibh ughdarás, munarbh ionann agus na scríobhaidhthe.


Agus do thosnuigh sé ar a innsint dóibh, go gcaithfeadh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe chum báis é, agus go n‐éireochadh sé tar éis trí lá.


Agus do bhí na scríobhaidhthe agus uachtaráin na sagart ag iarraidh greim láimhe d’fhágháil air an t‐am sin féin; agus do bhí eagla an phobail ortha: óir ba léir dhóibh gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin.


Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’n‐a seasamh, agus iad g‐á chionntú go dian.


Agus Iúdás, nuair fuair sé buidhean agus oifigigh ó na h‐árd‐shagartaibh agus ó na Fairisíneachaibh, tháinig sé chum na h‐áite, agus lóchrainn, agus tóirsí, agus airm aige.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, An tusa múinteoir Israel, agus nach eol duit na neithe sin?


Do‐chuala na Fairisínigh an sluagh ag conspóideacht ’n‐a thaobh ar an gcuma sin; agus do chuir uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh maoir chum beirthe air.


Agus thug na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh leo bean go rugadh uirthi i n‐adhaltranas; agus ar n‐a cur ’n‐a seasamh i láthair,


agus do phreab cuid de scríobhaidhthibh na bhFairisíneach ’n‐a seasamh, agus do labhradar go colgach, g‐á rádh, Ní fhaighmíd‐ne olc ar bith san duine seo: agus má labhair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar gheall air?


Agus tharla lá ar n‐a bhárach, gur chruinnigh a n‐uachtaráin agus a seanóirí agus a scríobhaidhthe le chéile i nIarúsalem;


Agus do ghríosadar ar an gcuma sin an pobal, agus na seanóirí, agus na scríobhaidhthe, agus thugadar ruathar faoi, agus rugadar air, agus thugadar isteach i láthair na h‐árd‐chómhairle é,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí