Matha 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem, 2 agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh. 3 Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith. 4 Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost. 5 Agus adubhradar‐san leis, I mBeithil Iúdaea, óir is mar sin atá scríobhtha ag an bhfáidh: 6 Agus tusa, a Bheithil, a thalamh Iúda, Ní tusa is lugha ar cheann‐phortaibh Iúda, Óir is asat thiocfas an taoiseach, Dhéanfas aodhaireacht ar Israel, mo phobal. 7 Annsin do ghlaodh Ioruath na draoithe ós íseal chuige, agus d’fhiafruigh sé dhíobh go cruinn cé an t‐am i n‐ar taisbeánadh an réalta dhóibh. 8 Agus do chuir sé go Beithil iad, agus adubhairt sé, Imthighidh, agus cuarduighidh go dícheallach an leanbh, agus nuair do‐gheobhaidh sibh tuairisc air, innisidh dhamh‐sa é, chum go dtéighead féin, agus go n‐adhrad é. 9 Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh. 10 Nuair do chonnacadar an réalta tháinig luthgháir mhór orta. 11 Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr. 12 Annsin tugadh foráileamh i n‐aisling dóibh gan filleadh ar Ioruath, agus do chuadar bóthar eile ar ais chum a dtíre féin. 13 Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte. 14 Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair san oidhche, agus d’imthigh sé do’n Éigipt. 15 D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac. 16 Annsin, nuair do chonnaic Ioruath gur mheall na draoithe é, do bí sé le cúthach, agus do chuir sé amach scriosairí, agus do mharbh sé a raibh de chlannmhac dhá bhliadhain nó fá n‐a bhun i mBeithil agus san dúthaigh do bhain léi, de réir an ama d’innis na draoithe dhó. 17 Annsin do cóimhlíonadh na briathra adubhairt Ieremias fáidh: 18 Do‐chualathas guth i Ráma, Gol agus an‐olagón: Ráchél ag caoineadh a clainne, Agus níórbh áil léi sólás do ghlacadh Toisc gan iad bheith ar fagháil. 19 Agus nuair do cailleadh Ioruath, féach, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh san Éigipt, 20 agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh óg agus a mháthair, agus imthigh go tír Israel; óir, na daoine do bhí ar tí an leinbh do mharbhadh, atáid‐sean tar éis báis. 21 Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israel. 22 Acht, nuair do‐chuala sé go raibh Archelaus ’n‐a righ ar Iúdaea i n‐ionad a athar Ioruath, do bhí eagla air dul annsin; acht thug Dia rabhadh dhó i n‐aisling, agus do chuaidh sé go críochaibh na Galilé, 23 agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society