Matha 2:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)23 agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)23 Agus chuaigh sé a chónaí i gcathair ar tugadh Nasair air, go gcomhlíonfaí a ndúirt na fáithe, “Gairfear Nasarach de.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara23 Agus tháinic sé a chómhnaidhe i gcathair dá ngoirtear Nasair, ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd na fáidhe: Go ngoirfear Nasardha de. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Agus an tan thánic sé ann, do chomhnuigh sé sa gcathair dá ngoirthear Násaret: do chun go gcomhlíonfuidhthe an ní a dubhradh ris na fáighibh, Go ngoirfighe Nasardha dhe. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)23 Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201223 agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazairéanach air.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198123 agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.” Féach an chaibidil |