Matha 2 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil II Bheir na draoithe tiodhlaicthe chuig Íosa: teicheann an Teaghlach Naomhtha chun na h-Éigipte: marbhadh na leanbh. 1 Annsin nuair a rugadh Íosa i mBeithil Iúda le linn Ioruaidh, rí, féach, tháinic draoithe as an oirthear go h-Ierusalem, 2 Ag rádh: Cá bhfuil an té seo a rugadh ina rígh ar na h-Iúdaigh? Óir chonnacamar a réalt san oirthear, agus tháiniceamar chun é d’adhradh. 3 Agus nuair a d’airigh rí Ioruadh seo, bhí buaidhreamh air, agus ar Ierusalem uilig ina theannta. 4 Agus ar chruinniughadh na bpríomh-shagart agus Scríobhaidhthe an phobail go léir le chéile dó, d’fhiafruigh sé díobh cá h-áit an chóir do’n Chríost a theacht ar an tsaoghal. 5 Agus dubhairt siad-san leis: I mBeithil Iúda, óir sin mar atá scríobhtha ag an fháidh: 6 Agus tusa, a Bheithil, talamh Iúda, ní tú is lugha ar chor ar bith ar thaoisigh Iúda, óir is asat-sa a thiocfas an ceannphort a dhéanfas mo phobal, Israél, a riaghladh. 7 Annsin ghoir Ioruadh na draoithe chuige i ngan fhios, agus fuair sé amach go cruinn uatha an t-am i n-ar nochtadh an réalt dóibh. 8 Agus ghá gcur isteach go Beithil, dubhairt sé: Imthighigidh, agus cuartuighigidh an leanbh go maith, agus nuair a gheobhas sibh é, taraigidh le scéala chugam-sa arís, chun go dtéighidh mise le h-adhradh a thabhairt dó fosta. 9 Agus nuair a chuala siad an méid sin ó’n rígh, d’imthigh siad. Agus féach, an réalt a chonnaic siad san oirthear, ghluais sé rompa go dtí gur stad sé ós cionn na h-áite ina raibh an leanbh. 10 Nuair a chonnaic siad an réalt, líonadh le h-áthas as cuimse iad. 11 Agus ar dhul isteach san tigh dóibh, fuair siad an leanbh agus Muire, a mháthair, agus ag sléachtadh go talamh dóibh, thug siad adhradh dó: agus d’fhoscail siad a gcuid stór go dtug tiodhlaicthe dó, ór, túis, agus miorr. 12 Agus ó fuair siad rabhadh ina gcodladh gan dul thar ais chuig Ioruadh, phill siad bealach eile chun a dtíre féin. 13 Nuair a bhí siad-san ar shiubhal, féach, thaisbeán aingeal an Tighearna é féin i n-aisling do Ióseph, agus dubhairt: Éirigh agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus teich chun na h-Éigipte; agus fan annsin go dtí go n-innsidh mise duit. Óir is amhlaidh a bhéas Ioruadh ar lorg an leinbh chun é chur chun báis. 14 Agus ar éirghe dó-san, thóg sé leis an leanbh agus a mháthair san oidhche, agus d’imthigh sé chun na h-Éigipte. 15 Agus bhí sé annsin go bás Ioruaidh: ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhairt an Tighearna tríd an fháidh, a dubhairt: Ghoir mé ar mo mhac as an Éigipt. 16 Annsin nuair a d’airigh Ioruadh gur bhain na draoithe mealladh as, bhí fearg as cuimse air, agus ar chur lucht marbhtha amach dó, mharbh sé a raibh de pháistí fir i mBeithil, agus ins na críocha uilig ina thimcheall, i n-aois a ndá mbliadhan agus faoi, do réir na n-aimsire a fuair sé amach go cruinn ó na draoithe. 17 Ba annsin a cóimhlíonadh an rud a dubhairt Ieremías, fáidh, ag rádh: 18 Cluineadh guth i Rama, mairgneach agus árd-ghol: Rachel ag caoineadh a cloinne, agus níorbh áil léi sólás a ghlacadh, siocair gan iad a bheith ann. 19 Acht nuair a bhí Ioruadh marbh, féach, thaisbeán aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i n-aisling san Éigipt, 20 Ag rádh: Éirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus gabh isteach i dtír Israéil: óir tá siad siúd marbh a bhí ag iarraidh bás an leinbh. 21 Agus d’éirigh seisean, thóg leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinic go tír Israéil. 22 Acht nuair a chuala sé go raibh Arclás ina rígh i n-Iudaia i n-ionad Ioruaidh, a athair, bhí eagla air dul annsin, acht fuair sé rabhadh ina chodladh, agus tharraing sé ar chríocha na Gailile. 23 Agus tháinic sé a chómhnaidhe i gcathair dá ngoirtear Nasair, ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd na fáidhe: Go ngoirfear Nasardha de. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland