Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ba sna laethanta úd a tháinig Eoin Baiste, ag seanmóireacht i bhfásach Iúdaea,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Acht ins na laethe sin tháinic Eoin Baiste ag seanmóireacht i bhfásach Iudaia,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ann sna laithibh sin do bhí Eoin Baisde, ag déanamh seannmóra a bhfásach thíre Iúdaighe,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ins na laethanta san, ámhthach, do tháinig Eóin Baiste ag seanmóin i bhfásach Iúdéa,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:1
27 Tagairtí Cros  

Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean.


Agus nuair do bhí siad‐san imthighthe, do thosnuigh Íosa ar a rádh leis na sluaightibh i dtaobh Eoin, Cad é go ndeachaidh sibh amach sa bhfásach le n‐a fheicsin? giolcach d’á luascadh le gaoith?


Agus adubhradar‐san, Adeir cuid aca, Eoin Baiste; cuid eile, Élias; agus cuid eile, Ieremias, nó duine de na fáidhibh.


Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é.


Ar an adhbhar sin, tabhraidh toradh uaibh bhéas de réir na h‐aithrighe;


agus é ’g‐a rádh, Atá an t‐am cóimhlíonta, agus atá ríoghacht Dé druidthe linn: déanaidh aithrighe, agus creididh do’n tsoiscéal.


Mar atá scríobhtha ag Ésáias fáidh, Féach, cuirim rómhat mo theachtaire Ullmhóchas do shlighe rómhat.


Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:


Agus nuair do bhí deisceabail Eoin imthighthe, do thosnuigh sé ar a rádh leis an sluagh i dtaobh Eoin, Créad é go ndeachabhar amach sa bhfásach le n’fheicsin? giolcach d’á luascadh ag an ngaoith?


ag tosnú ó bhaisteadh Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógadh suas uainn é, caithfidh duine aca bheith ’n‐a fhiadhnaidhe ar a aiséirghe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí