Matha 3 - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Ba sna laethanta úd a tháinig Eoin Baiste, ag seanmóireacht i bhfásach Iúdaea, 2 “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.” 3 Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé, “Glór duine ag glaoch ar an bhfásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, dírígí na cosáin roimhe.” 4 Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige. 5 Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é, 6 gur bhaist sé in abhainn an Iornáin iad, agus iad ag admháil a bpeacaí os ard. 7 Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht? 8 Tugaigí an toradh is dual don aithrí, 9 agus ná bíodh sé de dhánacht agaibh a rá in bhur n‑intinn féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhéanamh díobh. 10 Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine. 11 “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine. 12 Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.” 13 Ba é sin an t‑am ar tháinig Íosa ó Ghalailí go hlornán chuig Eoin ionas go mbaistfeadh seisean é. 14 Rinne Eoin iarracht ar chúl a chur air, agus dúirt sé, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnótha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?” 15 Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin. 16 Agus nuair a bhí Íosa baiste, chuaigh sé suas as an uisce gan mhoill, agus bʼshiúd doirse na bhflaitheas á n‑oscailt go bhfaca sé Spiorad Dé ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air; 17 agus bʼshiúd an glór ó neamh, á rá, “Is é seo mo mhac ionúin; a bhfuil toil agam ann.” |
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland