Matha 3 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil III Seanmóireacht Eoin: baisteann sé Críost. 1 Acht ins na laethe sin tháinic Eoin Baiste ag seanmóireacht i bhfásach Iudaia, 2 Agus ag rádh: Déanaigidh aithrighe; óir tá ríoghacht na bhflaitheas druidthe linn. 3 Óir is é seo an té ar labhradh air tré Isaias, fáidh, a dubhairt: Guth duine ag glaodhach san fhásach: Ullmhuighigidh slighe an Tighearna; déanaigidh díreach a chasáin. 4 Bhí culaith de fhionnadh camall ar Eoin é féin, agus crios leathair fá n-a choim; agus ba lócuistí agus mil fhiadhain a bhiadh. 5 An uair sin théigheadh Ierusalem, agus Iudaia go h-uile, agus an ceanntar go h-uile thart fá’n Iordáin amach chuige. 6 Agus bhaisteadh sé iad san Iordáin, agus iad ag admháil a bpeacaidhe. 7 Agus nuair a chonnaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadducaigh ag teacht chuig a bhaisteadh, dubhairt sé leo: A shliocht naithreach nimhe, cé thaidhbhsigh díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht? 8 Ar an adhbhar sin, tabhairigidh uaibh toradh is dual do’n aithrighe. 9 Agus ná samhluighigidh a rádh libh féin: Tá Abraham ina athair againn; óir deirim-se libh gur féidhir do Dhia clann a thógáil do Abraham as na clocha sin. 10 Tá an tuagh leagtha cheana féin ar bhun na gcrann: Ar an adhbhar sin, gach crann nach dtabhrann déagh-thoradh, gearrfar agus caithfear san teinidh é. 11 Baistim-se sibh leoga le h-uisce chun aithrighe; acht an té atá le theacht i mo dhiaidh, is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spioradh Naomh agus le teinidh. 12 Agus tá a shluasad cháithte ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneochaidh sé a chruithneacht isteach san scioból, acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dho-mhúchta. 13 Annsin tháinic Íosa ó’n Gailile go dtí an Iordáin chuig Eoin le baisteadh d’fhagháil uaidh. 14 Acht chuir Eoin ina aghaidh, ag rádh: Is damh-sa ba chóir baisteadh d’fhagháil uait-se; agus an amhlaidh atá tusa ag teacht chugam-sa? 15 Acht d’fhreagair Íosa é agus dubhairt leis: Ceaduigh é an uair seo: óir is mar seo is cuibhe dúinn gach dá bhfuil cóir a chóimhlíonadh. Annsin ghéill sé dó. 16 Nuair a bhí Íosa baistthe tháinic sé aníos láithreach as an uisce, agus féach, foscladh na flaithis dó, agus chonnaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas i riocht colmáin, agus ag tuirling air. 17 Agus féach, guth as na flaithis ag rádh: Is é seo mo Mhac dílis ina bhfuil mo mhór-thaitneamh. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland