Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus ag rádh: Déanaigidh aithrighe; óir tá ríoghacht na bhflaitheas druidthe linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a rádh, Déanuidh aithríghe: óir do dhruid ríoghachd De ribh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:2
61 Tagairtí Cros  

Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh.


Annsin do thosnuigh sé ar mhilleán do thabhairt do na cathrachaibh i n‐a ndearnadh furmhór a ghníomhartha éachtach, toisc nach ndearnadar aithrighe.


Éireochaidh muinntir Ninibhe sa mbreitheamhnas leis an ngeinealach so, agus daorfaid‐sean é; agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso.


Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Tugadh dhaoibh‐se eolas ar rúin‐diamhair ríoghachta na bhflaitheas, acht ní tugadh dhóibh‐siúd é.


Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:


Do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinne síl mustáird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a ghort:


Do labhair sé samhlaoid eile leo: Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le laibhín do ghlac bean, agus do chuir i bhfolach i dtrí tómhasaibh mine, nó gur ghlac an t‐iomlán de an laibhín.


Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc:


Agus adubhairt seisean leo, D’á bhrigh sin, gach scríobhaidhe atá ’n‐a dheisceabal do ríoghacht na bhflaitheas, is cosmhail é le fear tighe, do‐bheir amach as a chiste neithe nua agus neithe seanda.


D’á bhrigh sin, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe gur mhian leis cunntas do dhéanamh le n‐a sheirbhíseachaibh.


Óir is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe do chuaidh amach go moch ar maidin ag cur lucht oibre ar tuarastal ’n‐a fhíonghort.


g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe do‐rinne bainis d’á mhac,


Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.


Annsin béidh ríoghacht na bhflaitheas cosmhail le deichneabhar maighdean, do ghlac a lóchrainn, agus do chuaidh amach fá dhéin an fhir nua‐phósta.


Óir is amhlaidh atá, mar do bhéadh duine, do ghlaodh chuige a searbhóntaí, ag imtheacht ar aistear dó, agus thug a mhaoin dóibh.


As sin amach do thosnuigh Íosa ar sheanmóir, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe: óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Is aoibhinn dóibh‐sean d’fhulaing géir‐leanamhain ar son fíréantachta; mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.


Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.


go dtigidh do ríoghacht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar do‐ghnítear ar neamh;


Acht loirgidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus do‐bhéarfar daoibh sa mbreis na neithe sin go léir.


agus é ’g‐a rádh, Atá an t‐am cóimhlíonta, agus atá ríoghacht Dé druidthe linn: déanaidh aithrighe, agus creididh do’n tsoiscéal.


Do bhí Eoin ag baisteadh ins an bhfásach agus ag seanmórú baiste na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh.


Agus d’imthigheadar‐san, agus d’fhógradar aithrighe do dhéanamh.


Agus iompóchaidh sé mórán de chlainn Israel chum an Tighearna, a nDia.


Acht má’s le cumhacht Dé chuirim‐se na deamhain amach, annsin atá ríoghacht Dé tagtha chugaibh.


Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.


Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.


Mar an gcéadna, adeirim libh, béidh áthas i measc aingeal Dé mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe.


Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.


Agus adubhairt seisean, Ní dhéanfaid, a athair Abracham: acht má théidheann duine ó na marbhaibh chuca, do‐ghéanaidh siad aithrighe.


Mar sin daoibh‐se, nuair do‐chí sibh na neithe sin ag teacht chum críche, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé i bhfogas.


agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Annsin, ag tabhairt súl ar a dheisceablaibh dó, adubhairt sé, Is aoibhinn daoibh‐se atá bocht: oir is libh ríoghacht Dé.


Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán.


Agus nuair do‐chualadar an méid sin, do chiúnuigh siad, agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Is léir, mar sin, go bhfuil aithrighe chum na beathadh tabhartha ag Dia do na Cineadhachaibh féin.


Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh:


Agus adubhairt Peadar leo, Déanaidh aithrighe, agus baistear gach duine agaibh i n‐ainm Íosa Críost chum maitheamhnais bhúr bpeacadh; agus do‐gheobhaidh sibh an Spiorad Naomh mar bhronntanas.


ag brostú na nIúdach agus na nGréagach chum aithrighe chum Dé, agus chum creidimh ’n‐ár dTighearna Íosa Críost.


acht do chraobhscaoileas do mhuinntir Dhamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúithche Iúdaea, agus do na Cineadhachaibh, go ndéanfaidís aithrighe agus go n‐iompóchaidís chum Dé, ag déanamh gníomhartha de réir na h‐aithrighe.


Déanaidh aithrighe, d’á bhrigh sin, agus iompuighidh, chum go nglanfar bhúr bpeacaidhe, agus chum go dtiocfaidh trátha fionnfhuaire ó fhiadhnaise an Tighearna;


Óir do‐bheir an doilgheas diadha aithrighe chum slánuighthe nach dtugann aithmhéala: acht do‐bheir doilgheas an tsaoghail an bás.


D’fhuascail sé ó chumhacht an dorchadáis sinn, agus d’aistrigh sé go ríoghacht a Mhic ionmhain féin sinn;


lán d’fhoidhne, ag ceartú na ndaoine chuireas ’n‐a aghaidh le ceannsacht, le súil go dtiubhrfaidhe Dhia dhóibh, am ar bith, aithrighe do dhéanamh chum eolas d’fhágháil ar an bhfírinne,


Uime sin fágaimís céad‐riaghlacha bun‐teagaisc Chríost ’n‐ár ndiaidh, agus téighmís ar aghaidh chum lán‐fhoirbhtheachta; gan bheith arís ag leagadh buin aithreachais ó ghníomharthaibh marbha, agus creidimh i nDia,


Ní dhéanann an Tighearna moill i dtaobh a gheallamhna, do réir tuairme daoine áirithe fá mhoill; acht atá sé foidhneach linn, de bhrigh nach mian leis go gcaillfidhe aoinneach, acht go dtiocfadh an uile dhuine chum aithrighe.


Agus thugas uain di chum aithrighe do dhéanamh; agus ní mian léi aithrighe do dhéanamh ’n‐a striapachas.


Chuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar an áirde ó n‐ar thuitis, agus déan aithrighe, agus déan do chéad‐oibreacha; nó tiocfad‐sa chugat, agus aistreochad do choinnleoir as a ionad, muna ndéanaidh tú aithrighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí