Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir is eisean an té úd ar ar labhair Ésáias fáidh, nuair adubhairt se, Guth an té atá ag glaodhach sa bhfásach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé, “Glór duine ag glaoch ar an bhfásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, dírígí na cosáin roimhe.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Óir is é seo an té ar labhradh air tré Isaias, fáidh, a dubhairt: Guth duine ag glaodhach san fhásach: Ullmhuighigidh slighe an Tighearna; déanaigidh díreach a chasáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír a sé so an té úd air ar labhair Isaias faígh, ag radh, Guth an té éimhgheas air an bhfasach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasain díreach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Óir sin é an t-é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubhairt sé: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a bhóithre do dhíriú dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:3
8 Tagairtí Cros  

Guth an té ghlaodhas ins an bhfásach, Réidhtighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach;


Agus gluaisfidh sé roimhe i gcumhacht Éliais, chum croidhthe na n‐athar d’iompódh chum na clainne, agus chum an lucht easumhal d’iompodh chum eagna na bhfíréan, agus chum pobal fíréan d’ullmhú do’n Tighearna.


Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:


Adubhairt seisean, Is mise guth an té ghlaodhas sa bhfásach, Déanaidh slighe an Tighearna díreach, mar adubhairt Ésáias fáidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí