Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 3:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a rádh, Déanuidh aithríghe: óir do dhruid ríoghachd De ribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus ag rádh: Déanaigidh aithrighe; óir tá ríoghacht na bhflaitheas druidthe linn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:2
61 Tagairtí Cros  

Gidheadh má chuimhnighid orra féin annsa tír a mbéarthar a láimh íad, agus ma níd aithrighe, agus ma chuirfid a ngearán chugadsa a ttír na muinntire rug léo a láimh íad, gha rádh, Do pheacuidheamar, agus do rinneamar éigceart, do rinneamar go holc;


An ccreidfidh tú é, go ttiubhra sé do shíol don bhaile? agus go ccruinneochuidh sé a steach dot scioból é?


Uimesin gráinim riom féin, agus do nim aithreachus a ccriaidh agus a luáith.


Abair ríu, Mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, ní bhfuil sólas ar bith agamsa a mbás an chiontuigh; acht go bhfilleadh an ciontach ó na shlighe agus go mairidh sé: fillidhse, fillidhse ó bhur ndroichshlighthibh; óir cred as a néugfadh sibh, a thigh Israel?


Agus a láethibh na ríogh so cuirfidh Día neimhe rioghachd súas, nach scriosfuighear go bráth: agus ní fúigfighear an rioghachd ag daóinibh oile, achd brisfidh sí iona codchuibh agus díbeoruidh na rioghachda uile, agus seasfuidh sí go brath.


Agus ar nimtheachd dháoibh, déunidh seanmóir, ag radh, Do dhruid rióghachd neimhe ribh.


Do thionnsgain sé an tansin milleán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidhibh, ar son nach dearnadar aithríghe:


Eiréochaidh luchd Ninebheh a mbréitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimneochaid síad é: óir do rinneadarsan aithrigh ag seanmoir Iónas; agus, féuch, a tá neach is mó ná Iónas ann so.


Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Do bhrígh gur ab daóibhsi tugadh fios rúindíomhra na ríoghachda neamhdha, do bheith agaibh, agus níor tugadh dhóibhsean é.


Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhail ríoghachd neimhe ré duine do chur síol maith ann a fhearann:


Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhuil ríoghachd neimhe ré gráinne síol musdaird, do ghabh neach chuige, agus do chuir sé ann a fhearann:


Do labhair sé cosamlachd eile ríu; as cosmhail rioghachd ueimhe ré laibhín do ghlac bean, agus do fholaigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.


A ris, is cosmhail ríoghachd neimhe ré lion, ar na theilgean ann sa bhfairge, agus chruínnigheas da gach uile short éisg:


Agus a dubhairt seisean ríu, Ar a nadhbharsin gach uile sgrioba atá foghlomtha chum ná ríochachda nemhdha is cosmháil é ré fear tighe, do bheir as a chisde neither núadha agus sean.


Ar a nadhbharsin is cosmhuil ríoghachd neimhe ré rí aírighthe, lér bháill cúntas do dhéanamh ré na shearbhfoghantuidhibh.


Oir is cosmhuil an ríoghachd neamhdha ré fear tighe áirighthe, do chúaidh a mach lé héirghe an láoi do chur luchd oibre ar túarasdal ann fhineamhuin.


Is cosmhuil an flaitheas neamhdha ré ríghe aírighthe, do rinne banais phósda dá mhac féin,


Achd is anáoibhinn dáoibhsi, a sgriobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! do bhrígh go ndruigthí rioghachd neimhe rés na ndáoinibh: oír ní théighthí féin a sdeach, agus ní fhuilngthí don luch a tá ag dul a sdeach dul ann.


Ann sin budh cosmhuil ríoghachd neime ré deichneabhar maighdean, do ghlac a lampuidhe, agus do chúaidh a mach do theagmháil ar an bhfear núaphósda.


Oír ata ríochd neimhe amhuil as do ghoir duine ag dul a gcoigcrích, a shearbhfhoghantuidhe chuige, agus tug sé a shaidhbhreas dóibh.


O sin a mach do thionnsgain Iósa seanmóir do dhéanamh ag rádh, Déanuidh aithrighe: oír dhruid an rioghachd neamhdha ribh.


Agus do ghabh Iósa a dtimcheall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánúghadh gach tinnis agus gach éagcrúais a measg an phubail.


Is beannuighthe an dream fhuilngeas dochar ar son na córa: óir is léo ríoghachd neimhe.


Is beannuighthe na boichd a sbioruid óir is leó ríoghachd neimhe.


Tigheadh do ríoghachd. Deúntar do thoil ar an ttalamh, mar do nithear ar neamh.


Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.


Agus ag rádh, Do coimhlíonadh a náimsir, agus do dhruid ríoghachd Dé rinne: déanuigh aithríghe, agus creidigh don tsoisgéul.


Do bhí Eoin ag baisdeadh ar an bhfásach, agus ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe do chum maithmheachuis na bpeacadh.


Agus do imthigheadarsan, agus dfhúagradar aithríghe do dhéunamh.


Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndía féin.


Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.


A deirimsi ribh, Nach mó: achd, muna ndéantáoisi aithrighe, go sgríosfuidhthear sibh euile mar an gcéadna.


A deirim ribh, Nach ar mhó; achd mona ndéarntáoisi aithrighe, go sgriosfuidhthear sibh uile mar an gcéadna.


Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.


A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.


Achd a dubhairt seísion, Ní hamhluidh atá, a athair Abraham: achd dá ndeachd duine ó na marbhuibh chuca, do dhéaindis aithrighe.


Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.


Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.


Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.


Agus do chuir sé iád do sheanmoír ríoghachda De, agus do leigheas na ndáoine easlán.


Agus ar gclós na neitheannsa dhóibhsion, do thochdadar, agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Uime sin thug Día aithrighe do na Cineadhachaibh fós chum beatha.


Uime sin ar léigean aimseara a nainbhfisi thairis do Dhía; do bheir sé a mois fúagra do nuile dhuine ann gach áonáit aithreachus do dhéunamh:


Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh.


Ag déunamh fíadhnuisi do na Iúduighibh agus do na Gréugachuibh, fá fhilleadh chum Dé a naithrighe, agus a gcreideamh ar Dtighearna Iósa Críosd.


Achd do fhógair mé do luchd Dhamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feadh région thíre Iúdaighe go huilidhe, agus do na Cineadhachaibh, aithreachus do dhéanamh agus filleadh chum Dé, ag déunamh oibreacha iomchúbhaidh don aithrighe.


Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna;


Oír an doilgheas bhíos do réir Dé oibrighe sé aithrighe chum slánaighthe nach aithreach linn: achd óibrigheann doilgheas an tsáogháil bás.


Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin:


Ag teagusg na druinge bhíos conntrarrdha dhá inntinn maille ré ceannsachd; dféuchain an dtiubhradh Día aithrighe dhóibh uáir ar bith chum na fírinne dadmháil;


Uime sin ar léigean thoruinn dúinn theaguisg chéudthosuigheadh Chríosd, tigeam air ar naghuidh chum bheith diongmhálta; gan bheith dúinn a rís ag cur fhonndameint na haithrighe ó oibreachuibh marbha, agus chréidmhe a dtáóbh Dé,


Ní cuireann an Tíghearna muill ar a gheallamhuin, (mar mheasuid dream áirighe muill;) achd atá sé foighideach rinne, do bhrígh nach mían ris einneach dhul amúgha, achd na huile dháoine theachd chum aithrighe.


Agus tug mé aimsir dhi chum aithrighe dhéunamh a dtáobh a sdríopachais; agus ní dhearna sí aithrighe.


Uime sin bíodh coimhne agud cá hionad as ar thuit tú, agus bíodh aithreachas ort, agus déun na céudoibreacha; nó tiucfuidh mé ad choinne go haithghearr, agus athróchad do choinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aithrighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí