Matha 2 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Na Saoithe Anoir 1 Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim 2 ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.” 3 Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. 4 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus dʼfhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. 5 Dʼinis siad dó: “I mBeithil Iúdáia; óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh: 6 ‘Tusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc phrionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobal-sa, Iosrael.’” 7 Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. 8 Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí géar ar an leanbh. Nuair a bheidh sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachaidh mé féin ann ag déanamh ómóis dó.” 9 Nuair a chuala siad caint an rí, dʼimigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. 10 Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. 11 Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus dʼumhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus dʼoscail siad a gcístí agus dʼofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. 12 Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin. An Teitheadh don Éigipt Marú na Neamh-chiontach 13 Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n-insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.” 14 Dhúisigh Iósaef agus mʼéirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair san oíche agus chuaigh don Éigipt, 15 agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: “As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.” 16 Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú a mharú, de réir thuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe. 17 An uair sin a comh-líonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: 18 “Chualathas glór i Ráma caoi agus iomad olagóin: Ráchael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann ní ba mhó.” Filleadh go Nazarat 19 Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt 20 agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.” 21 Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael. 22 Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle 23 agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazairéanach air.” |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.