Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus chuaigh sé a chónaí i gcathair ar tugadh Nasair air, go gcomhlíonfaí a ndúirt na fáithe, “Gairfear Nasarach de.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus tháinic sé a chómhnaidhe i gcathair dá ngoirtear Nasair, ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd na fáidhe: Go ngoirfear Nasardha de.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus an tan thánic sé ann, do chomhnuigh sé sa gcathair dá ngoirthear Násaret: do chun go gcomhlíonfuidhthe an ní a dubhradh ris na fáighibh, Go ngoirfighe Nasardha dhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazairéanach air.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:23
20 Tagairtí Cros  

Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:


Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.


Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach.


Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé.


Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n-Iórdan.


Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t-aingeal Gabriél ó Dhia go cathair i nGaililí dar bh’ainim Nasaret,


Agus dubhradar leis gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an treó.


Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.


D’fhreagradar é: Íosa an Nasarénach. Dubhairt Íosa leó: Is mise é. Agus bhí Iúdas, an fear a dhíol é, ’n-a sheasamh ’n-a dteannta.


Ansan d’fhiafraigh sé dhíobh airís: Cé ’tá uaibh? Agus dubhradar-san: Íosa an Nasarénach.


Agus do sgríbh Pílát teidiol, agus chuir sé ar an gcrois é. Agus bh’ e seo an sgríbhinn: ÍOSA NASARÉNACh RÍ NA N-IÚDACh.


A fheara Israéil, éistidh leis na bhréithribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoillsigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhachtaibh, agus leis na h-iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin,


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanamh toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an domhain agus ’n-a cheann ar an aicme annrianta san, na Nasarénach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí