Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Ach nuair a chuala sé go raibh Arceláus ina rí ar Iúdaea in áit a athar Iorua, níor lig an eagla dó dul ansin, ach ba é rud, fuair sé rabhadh i mbrionglóid a thug air dul i leataobh go críocha Ghalailí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht nuair a chuala sé go raibh Arclás ina rígh i n-Iudaia i n-ionad Ioruaidh, a athair, bhí eagla air dul annsin, acht fuair sé rabhadh ina chodladh, agus tharraing sé ar chríocha na Gailile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Acht, nuair do‐chuala sé go raibh Archelaus ’n‐a righ ar Iúdaea i n‐ionad a athar Ioruath, do bhí eagla air dul annsin; acht thug Dia rabhadh dhó i n‐aisling, agus do chuaidh sé go críochaibh na Galilé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus an tan do chúaluidh sé Archeláus do bheith na rí a ttír Iúdaighe a nionad Iorúaith a athar, do bhí eagla air dul innte: achd cheana, ar bhfagháil teaguisg ó Dhía dhó a mbriongloid, do iompóidh sé go críochaibh na Galilé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:22
18 Tagairtí Cros  

Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.


Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar:


Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n-Éigipt.


Agus d’eirigh seisean agus thóg sé leis an leanbh ⁊ a mháthair, agus tháinig sé go tír Israéil.


Ansan do tháinig Íosa ó Ghaililí go dtí an Iórdan, ag triall ar Eóin, chun go mbaistfeadh Eóin é.


Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.


D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí