Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Acht, nuair do‐chuala sé go raibh Archelaus ’n‐a righ ar Iúdaea i n‐ionad a athar Ioruath, do bhí eagla air dul annsin; acht thug Dia rabhadh dhó i n‐aisling, agus do chuaidh sé go críochaibh na Galilé,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Ach nuair a chuala sé go raibh Arceláus ina rí ar Iúdaea in áit a athar Iorua, níor lig an eagla dó dul ansin, ach ba é rud, fuair sé rabhadh i mbrionglóid a thug air dul i leataobh go críocha Ghalailí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht nuair a chuala sé go raibh Arclás ina rígh i n-Iudaia i n-ionad Ioruaidh, a athair, bhí eagla air dul annsin, acht fuair sé rabhadh ina chodladh, agus tharraing sé ar chríocha na Gailile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus an tan do chúaluidh sé Archeláus do bheith na rí a ttír Iúdaighe a nionad Iorúaith a athar, do bhí eagla air dul innte: achd cheana, ar bhfagháil teaguisg ó Dhía dhó a mbriongloid, do iompóidh sé go críochaibh na Galilé:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:22
18 Tagairtí Cros  

Acht ag machtnamh dhó air, do taidhbhrigheadh dhó i n‐aisling aingeal an Tighearna, adubhairt, a Sheosaimh, a mhic Dhaibhí, ná bíodh eagla ort do chéile, Muire, thabhairt chun aoin‐tighis leat; óir, an ghein atá gabhtha aice, is ó’n Spiorad Naomh í.


Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,


Agus nuair do cailleadh Ioruath, féach, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh san Éigipt,


Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israel.


Tháinig Íosa, an t‐am sin, ó’n nGaililé go h‐Iórnán chum Eoin, chum go mbaistfeadh seisean é.


Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair.


D’fhreagradar agus adubhradar leis, An as an nGalilé dhuit‐se, leis? Cuarduigh, agus chífir nach n‐éirigheann aon fháidh ó’n nGalilé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí