Matha 2:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)11 Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)11 agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. Dʼoscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara11 Agus ar dhul isteach san tigh dóibh, fuair siad an leanbh agus Muire, a mháthair, agus ag sléachtadh go talamh dóibh, thug siad adhradh dó: agus d’fhoscail siad a gcuid stór go dtug tiodhlaicthe dó, ór, túis, agus miorr. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)11 Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201211 Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus dʼumhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus dʼoscail siad a gcístí agus dʼofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198111 Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Féach an chaibidil |