Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus tusa, a Bheithil, a thalamh Iúda, Ní tusa is lugha ar cheann‐phortaibh Iúda, Óir is asat thiocfas an taoiseach, Dhéanfas aodhaireacht ar Israel, mo phobal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 ‘Agus tusa, a Bhétlehem, i dtír Iúda, ní tú is lú ar cheannfoirt Iúda; mar is asat a thiocfas an rialtóir a rialós mo phobalsa Iosrael.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus tusa, a Bheithil, talamh Iúda, ní tú is lugha ar chor ar bith ar thaoisigh Iúda, óir is asat-sa a thiocfas an ceannphort a dhéanfas mo phobal, Israél, a riaghladh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus tusa a Bhetleem, talamh Iúda, ní tú is Iugha eidir dhúibhcidhibh Iúdah: óir is asad thiocfas an Duibhce, sdúireóchus mo phubal Israel.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus tusa, a Bhetlehem, a thalamh Iúda, ní tu is lúgha i n-aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is asat-sa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobul Israél do riaradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 ‘Tusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc phrionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobal-sa, Iosrael.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 ‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:6
24 Tagairtí Cros  

Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,


Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.


Adubhairt sé arís leis an dara h‐uair, A Shíomóin Eoin, An bhfuil grádh agat dom? Adubhairt seisean leis, Atá, a Thighearna: atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Bí id’ aodhaire dom’ chaoiribh.


Nach ndubhairt an scrioptúir gur de shíol Dáibhí, agus ó Bheithil, baile Dháibhi, atá an Críost le teacht?


acht san tsaoghal atá le teacht: agus do chuir sé gach uile nidh fá n‐a chosaibh, agus thug sé dhó bheith mar cheann thar cách ar an eaglais,


Agus is é ceann an chuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príomh‐thús é, an chéid‐ghein ó na marbhaibh; chum go mbéadh an t‐árd‐ghradam aige san uile nidh.


Óir is léir gur shíolruigh ár dTighearna ó threibh Iúda; treabh nár labhair Maois éinnidh bhaineas leis an sagartacht ’n‐a taobh.


Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal.


agus déanfaidh sé aodhaireacht ortha le slait iarainn, mar bristear soithigh criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cumhachta fuaras ó’n Athair:


béidh sé ’n‐a aodhaire aca, agus treoróchaidh sé go toibreacha fíor‐uisce na beathadh iad: agus cuimilfidh Dia gach deor d’á súilibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí