Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh óg agus a mháthair, agus imthigh go tír Israel; óir, na daoine do bhí ar tí an leinbh do mharbhadh, atáid‐sean tar éis báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Ag rádh: Éirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus gabh isteach i dtír Israéil: óir tá siad siúd marbh a bhí ag iarraidh bás an leinbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Ag rádh, Eírigh, gabh chugad an leanabh agus a mhathait, agus imthigh go talamh Israél: óir fúaradar an dream do bhí ag iárruidh anma an leinibh bás.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus dubhairt: Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus imthigh go tír Israéil, óir an mhuíntir a bhí ar tí an leinbh do chur chun bháis táid siad tar éis bháis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:20
8 Tagairtí Cros  

Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte.


Agus nuair do cailleadh Ioruath, féach, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh san Éigipt,


Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí