Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Annsin, nuair do chonnaic Ioruath gur mheall na draoithe é, do bí sé le cúthach, agus do chuir sé amach scriosairí, agus do mharbh sé a raibh de chlannmhac dhá bhliadhain nó fá n‐a bhun i mBeithil agus san dúthaigh do bhain léi, de réir an ama d’innis na draoithe dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Nuair a chonaic Iorua an cleas a dʼimir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain dʼaois, de réir an ama a dʼfhionn sé ó na draoithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Annsin nuair a d’airigh Ioruadh gur bhain na draoithe mealladh as, bhí fearg as cuimse air, agus ar chur lucht marbhtha amach dó, mharbh sé a raibh de pháistí fir i mBeithil, agus ins na críocha uilig ina thimcheall, i n-aois a ndá mbliadhan agus faoi, do réir na n-aimsire a fuair sé amach go cruinn ó na draoithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Ann sín an tan do chonnairc Iorúaith, go ndearnadar na dráoithe fonómhad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úadh, do mharbh sé a raibh do leanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaibh uile, ó áois dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoithibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoithe é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian, nó fé n-a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach ó chaint na ndraoithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú a mharú, de réir thuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:16
21 Tagairtí Cros  

Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,


Annsin do cóimhlíonadh na briathra adubhairt Ieremias fáidh:


Annsin do ghlaodh Ioruath na draoithe ós íseal chuige, agus d’fhiafruigh sé dhíobh go cruinn cé an t‐am i n‐ar taisbeánadh an réalta dhóibh.


Agus do tharraing a earball an treas cuid de réaltanaibh na spéire ’n‐a dhiaidh, agus do theilg sé chum na talmhan iad: agus do sheasuigh an dragún os cómhair na mná do bhí ar tí an leanbh do bhreith, chum go sluigfeadh sé an leanbh chómh luath agus béarfaí é.


Agus do chonnacas an bhean ar meisce le fuil na naomh, agus le fuil mairtíreach Íosa. Agus ag amharc dom uirthi, tháinig árd‐iongnadh orm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí