Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus bhí sé annsin go bás Ioruaidh: ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhairt an Tighearna tríd an fháidh, a dubhairt: Ghoir mé ar mo mhac as an Éigipt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do bhí se ann sin go bás Iorúaith: do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna leis an bhfaigh, a deir, Do ghoir mé mo mhac as a Néigipt.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 agus bhí sé sa n-áit sin chun go bhfuair Héród bás; Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: “As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: “As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:15
21 Tagairtí Cros  

Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh,


Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair san oidhche, agus d’imthigh sé do’n Éigipt.


Annsin do cóimhlíonadh na briathra adubhairt Ieremias fáidh:


Agus nuair do cailleadh Ioruath, féach, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh san Éigipt,


agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.


Agus tháinig sin chum críche, chum go gcóimhlíonfaidhe tarngaireacht an fháidh, mar adubhairt sé,


Acht cionnas do cóimhlíonfaidhe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caithfear a bheith?


Acht tháinig an méid seo chum críche ionnas go gcóimhlíonfaidhe scrioptúirí na bhfáidh. Annsin do thréig na deisceabhail go léis é, agus do theicheadar.


Agus nuair do chéasadar é, do roinneadar a chuid éadaighe eadortha, g‐á gcur ar crannaibh: agus do shuidheadar ag faire air.


chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair.


Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.


I n‐a dhiaidh sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh críochnuighthe, ionnas go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, adubhairt sé, Atá tart orm.


Óir tháinig an méid sin chum críche chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, Cnámh de ní brisfear.


agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí