Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do chuir sé go Beithil iad, agus adubhairt sé, Imthighidh, agus cuarduighidh go dícheallach an leanbh, agus nuair do‐gheobhaidh sibh tuairisc air, innisidh dhamh‐sa é, chum go dtéighead féin, agus go n‐adhrad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus ghá gcur isteach go Beithil, dubhairt sé: Imthighigidh, agus cuartuighigidh an leanbh go maith, agus nuair a gheobhas sibh é, taraigidh le scéala chugam-sa arís, chun go dtéighidh mise le h-adhradh a thabhairt dó fosta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus agá gcur go Beitleem dhó, a dubhairt sé, Imthige agus iárruigh an náoidhe go díthchiollach; agus tar eís a fhaghala dháoibh, innisigh dhamsa é, do chum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do stiúruigh sé go Betlehem iad, agus dubhairt sé: Cuarduighidh go maith an mac so; agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisg air tagaidh agus innsidh dómh-sa é, go dtéighead agus go n-adhrad é, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí géar ar an leanbh. Nuair a bheidh sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachaidh mé féin ann ag déanamh ómóis dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:8
20 Tagairtí Cros  

Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,


Annsin do ghlaodh Ioruath na draoithe ós íseal chuige, agus d’fhiafruigh sé dhíobh go cruinn cé an t‐am i n‐ar taisbeánadh an réalta dhóibh.


Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí